Scipeáil chuig ábhar

Naisc

IIC

Cuireann an International Institute for the Conservation of Historic and Artistic Works an t-eolas, na modhanna agus na caighdeáin chun cinn atá ag teastáil chun saothair stairiúla agus ealaíne ar fud an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Stiúrann sé clár rialta foilseachán agus comhdhálacha chomh maith.

ICOM-CC

Tá ICOM-CC ar an gceann is mó de Choistí Idirnáisiúnta ICOM (International Council of Museums) le breis agus 1,600 ball ar fud an domhain ó gach brainse den mhúsaem agus gach gairm chaomhnaithe.  

ICCROM

Is eagraíocht idir-rialtasach é ICCROM atá tiomanta do chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha. Tá sé ann le freastal ar an bpobal idirnáisiúnta arna ionadú ag a Bhallstáit, a bhfuil breis agus 125 díobh ann faoi láthair.

An Chomhairle Oidhreachta

Eagraíocht a bhfuil tionchar mór aici maidir le cúrsaí caomhnaithe in Éirinn. Eagraíonn sí intéirneachtaí caomhnaithe i roinnt eagraíochtaí móra éagsúla.

ICON

Is é ICON an príomhghuth ar son caomhnú na hoidhreachta cultúrtha sa RA. I measc a mball tá baill den phobal caomhnaithe níos leithne, ní hamháin go bhfuil caomhnóirí gairmiúla sna disciplíní uile ina mball, ach tá daoine eile freisin atá tiomanta chomh maith do thuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht chultúrtha agus rochtain níos fearr uirthi a fhorbairt. 

An Clár Caomhnaithe

Tá faisnéis mhionsonraithe ar chleachtais caomhnaithe agus athchóirithe ar fud an RA agus na hÉireann le fáil ar an ‘Clár Caomhnaithe. Cuireann an Institiúid um Chaomhnú an tseirbhís seo ar fáil le cabhrú leat faisnéis a fháil faoi chaomhnóirí/athchóiritheoirí creidiúnaithe.      


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions