Scipeáil chuig ábhar

Caomhnú Coisctheach

Féachann Caomhnú Coisctheach le réada stairiúla a chaomhnú trí thosca timpeallachta a scrios a d'fhéadfadh meath a dhéanamh.

Ia iad seo a leanas cuid de na príomhthosca a chuirfidh isteach ar bhailiúcháin mhúsaeim:

  • Teocht
  • Bogthaise
  • Solas
  • Feithidí agus lotnaidí
  • Truailliú
  • Láimhseáil

Trí na cineálacha seo damáiste a mhoilliú nó a stopadh is féidir linn méid na hoibre caomhnaithe coiscthe nach mór a dhéanamh a laghdú

Teocht agus bogthaise

Déantar monatóireacht leanúnach ar theocht agus bogthaise na ngailearaithe agus na gcásanna taispeántais ar fud an mhúsaeim. Tá sé níos deacra coinníollacha a rialú i sean-fhoirgneamh, mar sin, nuair nach féidir láimhseáil aeir a chur isteach chun na coinníollacha ar an iomlán a rialú, is féidir rialuithe áitiúla chur isteach i gcás taispeántais.

Leibhéil solais

Is féidir leibhéil arda solais, a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le tréigean nó le briseadh síos ceimiceach na n-ábhar, a rialú trí shoilsiú sa ghailearí agus sa chás a ísliú chuig leibhéil chuí, agus trí scannán a chur ar na fuiunneoga chun solas a laghdú.
 

Feithidí agus creimirí

Is féidir le feithidí agus creimirí an-dochar a dhéanamjh do réada stairiúla. Déantar monatóireacht le haghaidh leamhain éadaigh (Tineola Bisselliella), ciaróga troscáin (Anobium Punctatum), agus gilíní (Lepisma Saccharina) agus eile laistigh den mhúsaem. Scaiptear sraith de ghaistí greamaitheacha, cuid acu le mealladh fearamóin, ar fud na stóras agus na ngailearaithe agus déantar iad a sheiceáil go rialta.

Triallliú

Is lú an truailliú ón taobh amuigh a chuireann isteach ar réada nó an truailliú ó fhoinsí laistigh den mhúsaem. Ní mór na hábhair a úsáidtear chun boscaí stórála a dhéanamh nó le cur i gcásanna a bheith déanta d'ábhair oiriúnacha atá támhach agus nach scaoilfidh gás nó nach ndéanfaidh imoibriú leis na hábhair óna ndéantar na réada.

Láimhseáil agus bogadh

Is féidir le láimhseáil agus bogadh réada iad a fhágáil i gcontúirt damáiste fisiciúil. Tá sé tábhachtach réada a láimhseáil i gceart, lena n-áirítear láimhíní a chaitheamh sa chaoi is nach bhfágfar ola ón gcraiceann ar dhromchla an réada. Agus iad á n-iompar, ní mór modhanna oiriúnacha pacála, láimhseála agus iompair a úsáid.

Má leantar straitéisí cearta um Chaomhnú Coisctheach is faide go mór an saol a bheidh ag na réada is sobhriste, fiú, rud a thabharfaidh an deis do na glúine le teacht taitneamh a bhaint astu freisin.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions