Scipeáil chuig ábhar

Cathal Walsh

Fuair Cathal Walsh a chéad phost tréidliachta i gContae Chill Mhantáin in 1967.

Chaith sé tamall ina Chigire sealadach Tréidliachta leis an Roinn Talmhaíochta ní ba dhéanaí, rud a d’fhág gur cloíodh leis na caighdeáin ab airde sna seamlais áitiúla.

Fuair Cathal post eile in 1982, post mar Chigire Tréidliachta le Comhairle Contae Chorcaí. Le linn dó a bheith ag obair i gCorcaigh, bhí sé ar dhuine de bhaill bhunaidh Aontas Tréidliachta na hÉireann agus bhí sé ina uachtarán ar Chumann Oifigeach Tréidliachta na nÚdarás Áitiúil.

Ní dhearna Cathal dearmad riamh ar a bhaile dúchais, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, agus d’fhill sé ar an mbaile sin in 1991 chun dul ag obair mar Oifigeach Tréidliachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo.

D’éirigh Cathal as an bpost sin le Comhairle Contae Mhaigh Eo i mí an Mhárta 2005.
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions