Scipeáil chuig ábhar

An Bhliain Feirmeoireachta

Teaghlach feirmeoireachta ag baint arbhair, Machaire Loiscthe, Co. Dhún na nGall, c. 1900

Féach ar an gcaoi inar eagraíodh am an teaghlaigh ar an bhfeirm mórthimpeall ar thascanna míosúla a bhain leis an talamh.

Breathnaíodh ar Lá le Bríde, an 1 Feabhra, mar thús na bliana nua ar an talamh de réir mar a éiríonn na laethanta níos faide agus mar a fheictear na chéad chomharthaí fáis.

Taobh amuigh de ghnáth-thascanna laethúla, amhail ba a bhleán, b'iad seo a leanas príomhthascanna an teaghlaigh traidisiúnta feirmeoireachta agus iascaireachta:

Eanáir

  • Trealamh feirme a dheisiú
  • Claíocha agus draenacha a ghlanadh
  • Ainmhithe a bheathú

Feabhra

  • Tús a chur le hullmhú na talún do bharra
  • Freastal ar an aonach le hainmhithe a cheannach nó a dhíol
  • Ainmnithe a bheathú

Márta

  • Prátaí a chur
  • Feamainn a bhaint
  • Cuidiú le hainmhithe le linn breitheanna
  • Ainmnithe a bheathú

April

  • Glasraí agus arbhair a chur
  • Feamainn a bhaint
  • Cuidiú le hainmhithe le linn breitheanna
  • Iascaireacht do ronnach agus scadán

Bealtaine

  • Móin a bhaint
  • Beithigh a chu amach ar fhéarach, caoirigh ar chnoic
  • Eireabaill a sciotadh agus uain óga a choilleadh
  • Fiailí a bhant de bharra
  • Freastal ar an aonach le hainmhithe a dhíol nó a cheannach
  • Iascaireacht eangaigh a dhéanamh do bhradán

Meitheamh

  • Fiailí a bhaint de bharra
  • Caoirigh a bhearradh agus a thomadh
  • Féar a bhaint
  • Gliomaigh a mharú
  • Móin a thriomú

Iúil

  • Féar a bhaint
  • Prátaí a spraeáil
  • Cabáiste a bhaint
  • Iascaireacht do ronnach

Lúnasa

  • Arbhair agus líon a bhaint
  • Prátaí a bhaint
  • Freastal ar an aonach le hainmhithe a dhíol nó a cheannach
  • Iascaireacht do ronnach

Déireadh Fómhair

  • Úlla a phiocadh
  • Prátaí a bhaint
  • Turnaipí a bhaint

Samhain

  • Freastal ar an aonach chun ainmhithe a dhíol nó a cheannach
  • Goirt a threabhadh
  • Fáil, claíocha agus draenacha a dhéanamh agus a dheisiú
  • Beithigh a tabhairt isteach ón bhféarach
  • Ainmnithe a bheathú

Nollaig

  • Trealamh feirme a dheisiú
  • Síol a thabhairt isteach
  • Ainmnithe a bheathú

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions