Scipeáil chuig ábhar

Sa gcúlra le déanamh criathar

I mí Feabhra na bliana 2023, cuimhníonn fear as Tuaisceart Bhaile Átha Cliath, Joe Curtis, ag taisteal lena sheanathair go teach John Hamilton i Meitheamh na bliana 1948, le breathnú ar an scannánú a bhí Ard-Mhúsaem na hÉireann a dhéanamh ar próiseas déanta criathar:

 Bhuel, bhí mé thart ar an seacht nó an ocht, bhínn i bhfad níos sásta ag dul chuig an siopa i mBaile an Ridire le barra Seacláide Cadbury a cheannach ar 3 phingin. Is cuimhin liom mo Sheanathair ag siúl an bhealaigh ar fad beagnach, cé gur thóg sé leis a rothar le cúisín fáiscthe leis an trasnán.  Ba chosúil nach raibh deireadh le bóthar an phortaigh agus bhí cnocán ag an deireadh, rud nach raibh mé chomh sásta sin leis.

Chuir an tUasal Hamilton agus a theaghlach an-fháilte romhainn agus bhí mé ag fanacht go dtabharfaí go ceardlann ghalánta mé lán le sábha, siséil, gáinní srl. mar gheall gur siúinéirí a bhí i mo sheanathair agus a bheirt mhac agus go raibh ceardlann bhreá acusan lán le huirlisí den tseanstíl. Ina ionad sin a dhéanamh, bhí tua ag an Uasal Hamilton, scian a raibh cuma chontúirteach uirthi agus diabhal mórán eile. Bhí an méid a bhain sé amach le fíorbheagán uirlisí dochreidte.

D’éirigh liom suí ar chloch bhán ag an bpríomhdhoras ar feadh tamall beag agus insíodh scéalta dúinn faoi na síoga agus na ‘seanlaethanta’. Bhí orainn bogadh siar agus an scannán á dhéanamh acu agus bhí orainn fanacht ann go han-chiúin.  Dúradh linn go gcloisfí gach torann mura mbeadh muid go hiomlán ciúin. Nuair a chríochnaigh gach rud ansin, ghearr muid abhaile, áit a raibh níos mó ná míle uainn ach bhraith sé ar nós maratóin domsa. Dúirt mo sheanathair go gcuirfeadh muid ainm ar gach tom agus fiaile ar an mbealach agus chabhraigh sé sin leis an mbóthar a ghiorrú.”

Tá na pictiúir agus an scannánaíocht a bhí mar thoradh air seo, chomh maith leis an mion-chumarsáid idir Lucas agus Hamilton, agus na scórtha earraí a thug Hamilton don mhúsaem, tá siad tar éis taifead cuimsitheach a fhágáil linn ar dhéanamh na gcriathar. Lean A.T. Lucas air le dhá alt a fhoilsiú bunaithe ar dhéanamh na gcriathar adhmad. 

Bhí caidreamh maith idir an bheirt acu agus i litir chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann, léirigh John Hamilton go raibh faoiseamh air gur:

Éirigh leis an scannánú agus nach mbeidh deireadh le seancheird bhreá Éireannach nuair a bhí mise imithe.

D’imigh John Hamilton ar shlí na fírinne go gairid ina dhiaidh sin ina bhaile féin in 1954. 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions