Scipeáil chuig ábhar

Ceisteanna Coitianta faoi Ailtireacht Thraidisiúnta na hÉireann

An bhfuil teach traidisiúnta ag an Músaem atá ar taispeáint don phobal?

I Samhradh 2003, thug an Rannóg Oideachais ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, faoi thionscadal scileanna tógála tí. D’oibrigh ceardaithe oilte i dtailte an Mhúsaeim chun an éagsúlacht ábhair, uirlisí agus teicnící a úsáideadh ag amanna éagsúla chun tithe traidisiúnta a thógáil in Éirinn a léiriú agus a mhíniú. 
Tá an struchtúr a tháinig as seo déanta ó na hacmhainní nádúrtha in-athnuaite, bainistithe agus inbhuanaithe atá ag adhmad, cré, cloch agus tuí, a fuarthas go háitiúil, díreach mar a tharla leis na mílte bliain in áitribh dhúchasacha ár sinsear.
Bíonn turais agus ceardlanna ar siúl go rialta chun an tionscadal a mhíniú agus chun scileanna ar nós caoladóireacht, tuíodóireacht agus aoldathú a léiriú, agus is féidir iad a eagrú roimh ré do ghrúpaí freisin.


An bhfuil tuíodóireacht fós coitianta chun cloigeann a chur ar thithe traidisiúnta?

Cé gur cuid lárnach dár n-ailtireacht dhúchasach é an díon tuí, tá laghdú mór tagtha air ó dheireadh na 1950idí i leith. Níl díon tuí chomh seasmhach anois, mar thoradh ar thruailliú uisce agus leasacháin, chomh maith le hathrú i ngathanna UV na gréine, báisteach aigéadach, agus níos mó báistí agus gaoth. Tá sé an-dian ar shaothar freisin, rud a fhágann go bhfuil sé costasach chomh maith. Tá táirgeadh tuí agus giolcaí i gcomhair tuíodóireachta in Éirinn imithe i léig go hiomlán, beagnach, agus iompórtáiltear formhór an ábhair tuíodóireachta anois. Chomh maith leis sin, níl an scil á shíneadh síos tríd na glúnta mar a bhíodh tráth.


Cé mhéad amhábhar a theastaíonn chun tuí a chur ar theach?

Bhí sraith fód (cré nó móin) ar an ngnáth-dhíon tuí os cionn na rachtaí agus na lataí, agus ba anuas air seo a shocraítí an tuí. Bhí an tsraith fóid seo mar shraith inslithe a thug cosaint i gcoinne séideáin agus i gcoinne tine.
Úsáidtear réimse ábhair i gcomhair an tuí, cosúil le giolcach uisce, seagal, cruithneacht, coirce agus eorna, cíb, líon, luachair agus fraoch. Úsáidtear go leor coll agus saileach, chomh maith le dris mar scoilb (bioráin) agus slata. Úsáidtear súgáin (tuí) mar cheanglóirí. Theastaigh timpeall trí acra tuí agus 4,000 scolb i gcomhair gnáthdhíon tí.


Cé mhéad duine a bhíodh ina gcónaí i ngnáth-theach cónaithe?

D’fhéadfadh teaghlach mór a bheith ina gcónaí i dtithe réasúnta beaga. Bhíodh píosaí troscáin cosúil leis an leaba shuíocháin agus leaba an chaibhéid an-úsáideach. Suíochán fada a bhí sa leaba shuíocháin i rith an lae agus leaba san oíche, agus d’fhéadfaí leaba an chaibhéid a fhilleadh siar as an mbealach i rith an lae, an dá cheann ag cur áit chodlata ar fáil i rith na hoíche, ach iad ag sábháil spáis agus ag comhlíonadh feidhmeanna eile i rith an lae.
Bhí cúlseomra in go leor tithe, píosa den teach a bhí ag gobadh amach, ag taobh an teallaigh go hiondúil, ina raibh leaba tógtha isteach ann, nó leaba le taobh na tine. Chodlaíodh na seantuismitheoirí nó an duine ba shine sa teach sa chúlseomra chun teas na tine a fháil.


Cé mhéad seomra a bhíodh i ngnáth-theach cónaithe?

Bhí éagsúlacht ó thaobh méide agus deartha sna tithe. De ghnáth bhíodh an chistin agus an spás comhluadair sa chuid lárnach den teach agus d'fhéadfadh seomra leapa a bheith suite lastall den spás comhluadair ag an deireadh. D’fhéadfadh parlús (nó seomra maith) a bheith ann freisin, a d’úsáidtí chun na sealbha is fearr a bhí ag an teaghlach a chur ar taispeáint, agus choinnítí do chuairteoirí tábhachtacha cosúil leis an sagart paróiste é.


Céard a shocraigh an rogha ábhar tógála do theach?

Bhí tionchar ag an aimsir agus ag infhaighteacht na n-ábhar ar cad a d’úsáidtí chun teach a thógáil, agus dá bharr sin ar stíl na dtithe, i ngach ceantar. Scriosadh foraoiseacha na hÉireann san cheithre chéad bliain roimhe sin, agus mar sin ní raibh adhmad ar fáil go flúirseach. Ba é an t-aon foinse adhmad tógála a bhí ag formhór na ndaoine ná an t-adhmad a fuarthas sna portaigh nó ar an gcladach. Mar sin, bhí feirmeoirí bochta ag brath ar ábhair eile a bhí ar fáil go háitiúil, cosúil le cloch, fód agus cré, chun a dtithe a thógáil.


Céard iad na cineálacha díonta tuí a bhí ann?

Bhí tionchar ag an ábhar a úsáideadh chun tuí a chur ar dhíon ar a chaighdeán agus ar a chuma. Bhí saolré fada ag cruithneacht agus ag seagal araon. Bhí éileamh ar leith ar chruithneacht mar go bhfuil sé glan, ar chomhfhad agus éasca a ullmhú. Mura mbíodh fáil ar chruithneacht nó ar sheagal, bhaineadh an tuíodóir úsáid as an snáithín ab fheiliúnaí a bhí ar fáil - coirce, eorna, giolcacha, luachra, líon nó muiríneach. Bhí éagsúlacht sna teicnící tuíodóireachta ó réigiún go réigiún agus tionchar aige seo ar chuma agus ar cháilíocht na ndíonta críochnaithe.


Céard iad na hábhair a d’úsáid daoine chun a dtithe a thógáil?

Roimh an 20ú hAois, d’úsáid formhór na ndaoine cloch nó cré chun ballaí a gcuid tithe a thógáil. Bhí tóir níos mó ar chloch toisc í bheith níos buine, ach más rud é nach raibh fáil irthi go háitiúil, bhaintí úsáid as cré (láb) ina háit. Bhí níos mó fáil ar chloch sa tuaisceart agus san iarthar, agus bhí cré níos coitianta san oirthear agus san oirdheisceart, ach bhí tithe déanta as an dá ábhar scaipthe ar fud an oileáin. Chlúdaítí ballaí go minic le haoldath déanta as aol nó as sliogáin. Is tithe sealadacha a bhíodh i dtithe fóid (scraithe), a thóg oibrithe a bhog ó cheantar amháin go ceantar eile ag lorg oibre.


Céard iad na hábhair eile a d'úsáidtí chun díon a chur ar theach?

Nuair a bhí fáil ar an ábhar go háitiúil, bhí níos mó tóir ag feirmeoirí ar chlocha ná ar tuí, rud a d’fhág go raibh tréithe ar leith ag tithe i gceantair áirithe sa tír. Bhí díon leaca gaineamhchloiche áitiúil ar thithe i Lios Ceannúir, Co. an Chláir, agus úsáideadh slinnte ar thithe chomh fada óna chéile le Dún na nGall, Maigh Eo, Port Láirge, Corcaigh agus Tiobraid Árann. San 20ú hAois, thosaigh leatháin iarainn rocacha ag teacht in áit díonta cloiche agus tuí.


Céard iad na huirlisí a úsáidtear chun tuí a chur ar theach?

Is iad na príomh-uirlisí a úsáidtear ná an leggat, tuairgnín, scian, deimheas caorach, agus dréimire. Feidhmíonn bioráin ghiolcaigh mar uirlisí teannais sealadacha. Úsáidtear snáthaid fuála agus stoppler agus sáiteachán freisin.


Céard iad na tosca eile a thóg daoine san áireamh agus iad ag tógáil a dtithe?

Bhí tionchar ag cúinsí an tírdhreacha ar an gcaoi a thóg daoine a gcuid tithe. Mar shampla, chuir stoirmeacha an Atlantaigh isteach ar na daoine a mhair ar chósta an iarthair, agus thóg siad a gcuid tithe leis na ballaí cúil láidre ar thaobh na farraige. Thóg siad an foirgneamh i bhfoscadh gleanna nuair a bhí an deis sin acu   

 


Cén cineál dín a bhí ar thithe traidisiúnta na hÉireann?

Tógadh dhá chineál dín traidisiúnta. Téann díon gabhal éadain timpeall ar cheithre thaobh an tí agus tá cuma cuartha air. Tá díon beannach níos géire, agus tá taobhanna triantánacha aige (na beanna). Cé gur tógadh díonta gabhail ar fud na tíre, bhí siad níos coitianta sa deisceart agus san oirthear. Díonta beannacha is mó a bhí sa tuaisceart agus san iarthar.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions