Scipeáil chuig ábhar

Maidir le Micheál Ó Conghaile

Mikey agus Sarah Teresa Ó Conghaile lena gclann
Micheál Ó Conghaile (1912-1996)

Rugadh Micheál Ó Conghaile ar Inis Oírr do Sheán agus Norah Ó Conghaile i 1912. B´fhearr aithne ar Sheán mar Johnny Tom Andie agus, mar gheall ar an gceird a bhí aige, mar an siúinéir. I rith a shaoil ba é an t-ainm a tugadh ar Mhicheál ná Mac Johnny Tom Andie, Mikey an tsiúnéara, agus shíníodh sé a ainm mar Michael Conneely (John)

D´fhoghlaim Mikey a cheird de bheith ag tógáil curach óna athair, a bhí féinoilte den chuid is mó. Bhí a chuid scileanna siúinéireachta faighte ag a athair agus é ag obair ar an eaglais ar Inis Oírr a tógadh ag tús an fhichiú haois. Bhí taithí ag Mikey freisin ar bheith ag obair ar churacha ón tréimhse a bhí caite aige ag iascaireacht agus é óg.

Phós Mikey Sarah Teresa (née Ní Fhlaithearta) agus thóg siad clann le chéile ar an oileán. Idir saol an teaghlaigh, feirmeoireacht, siúinéireacht agus iascaireacht bhí saol cruógach ag Micheál agus é ag tógáil curach d´orduithe ó na trí oileán Árann agus ón mórthír. Bhí ról an-tábhachtach ag Sarah Teresa san fhiontar, ós rud é gurbh í a raibh mar chúram aici na hábhair a sholáthar chomh maith leis an gcomhfhreagras ar fad a bhain leis na horduithe do na curacha. Ba mhinic go mbíodh oideachas níos fearr ar mhná Inis Oírr ós rud é gurbh fhearr leis na leaids óga am a chaitheamh lasmuigh den scoil ag obair ar an talamh agus ag iascaireacht.

Bhíodh an-mheas ar churacha Mhikey i measc phobail iascaireachta na Gaillimhe agus an Chláir agus i measc béaloideasaithe a bhí ag lorg samplaí maithe de churach thraidisiúnta na hÉireann. D´imigh Mikey Ó Conghaile ar shlí na fírinne i 1996.

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions