Scipeáil chuig ábhar

Ag déanamh curaí - ó easnacha go huisce

Micheál Ó Conghaile agus é ag déanamh curaí ar Inis Oírr, Contae na Gaillimhe, 1968

Féach ar Video

1. Ag ullmhú na n-easnacha

Trasnaíonn naoi n-easna is fiche faoi na suíocháin ó thaobh amháin den fhráma go dtí an taobh eile agus leis na lataí, cruthaíonn siad creatlach a mhúnlaíonn agus a thacaíonn le craiceann na curaí. Bhaineadh Mikey úsáid as easnacha darach; i dtús báire ghearradh sé na taobhanna díobh agus ansin dhéanadh sé an easna ar fad a phlánáil.

2. Ag feistiú na n-easnacha

Agus iad plánáilte, cuireadh na heasnacha in umar adhmaid agus clúdaíodh iad le tuí, ansin cuireadh mála thar an tuí. Ansin cuireadh uisce fiuchaidh isteach san umar agus fágadh na heasnacha istigh ann ar maos. Cuireadh na heasnacha adhmaid ar maos in uisce fiuchaidh chun iad a dhéanamh solúbtha agus sochromtha i stuanna chun iad a fheistiú isteach sa ghunail íochtarach agus an ghualainn íochtarach.

3. Ag feistiú na lataí

Ansin thomhaiseadh Mikey leath d´achar suíocháin agus dhéanadh sé é a mharcáil ar an easna thuas. Stiúraíodh an mharcáil seo Mikey agus é ag cur an lata láir ar na heasnacha. Is é atá i lataí ná stiallacha tanaí adhmaid a ritheann ar fhad na curaí. Bhain Mikey úsáid as fiche lata déile ar an gcurach áirithe seo, gach ceann acu tairneáilte leis na heasnacha os a chionn. Dá mbeadh seol le feistiú ar an gcurach, dhéanadh Mikey poll a tholladh sa transam uachtarach do phionna chun an stiúir a choimeád.

4. Ag tomhas agus ag gearradh chraiceann an chanbháis

Agus na lataí ar fad feistithe do na heasnacha, bhí an fráma críochnaithe. Ba é an chéad tasc eile a bhíodh ag Mikey ná stiallacha canbháis a thomhas agus a ghearradh chun an taobh amuigh den bhád a chlúdach.

5. Craiceann saincheaptha

San áit a dtagadh na stiallacha canbháis le chéile, rinneadh iad a mharcáil le haghaidh fuála. Dearadh saincheaptha a bhí sa chanbhás fuáilte don churach. Níl an canbhás féin uiscedhíonach; chun an tréith fhíor-riachtanach sin a bhaint amach, mar sin de, bhíodh ar Mhikey an canbhás a chlúdach taobh istigh agus taobh amuigh le tarra.

6. Ag treisiú an chanbháis

Sular cuireadh tús leis an tarráil iomlán, greamaíodh stiall tharráilte neartaitheach chanbháis ar an bhfráma íochtarach ar fud an chuair uachtaraigh ag tosach na curaí. Ansin rinneadh taobh istigh an chanbháis a tharráil.

7. Ag leathadh an tarra

Tarraingíodh craiceann an chanbháis go teann chun taobh amuigh an fhráma a chlúdach go hiomlán, agus coinníodh in áit é trína thairneáil don tosach, don ghunail uachtarach agus do na transaim. Ansin cuireadh tarra fiuchaidh ar thaobh amuigh an chanbháis agus bhí an churach críochnaithe seachas na rámha, an crann agus an seol.

8. Ag feistiú glamba

D´fheistigh Mikey glamba le gach rámh. Is é atá i nglamba ná píosa triantánach adhmaid a ndearnadh poll a dhruileáil ina lár. Téann an dolla trí pholl an láir agus coinníonn sé an rámh in áit le linn rámhaíochta. Chun rámh a chríochnú, ghearradh Mikey an hanla chun é a dhéanamh cruinn agus níos réidhe ar an lámh.

9. Ag fáil seoil

Cé gur admhaigh Mikey nach ´bhfaigheann muintir na n-oileán an seol´, bhí sé de chiall ag Músaem Náisiúnta na hÉireann iarraidh go gcuirfí crann agus seol isteach agus an churach á tógáil. Chuirfeadh a ndéantús lá breise saothair leis an tréimhse d´ocht lá a bhí ag teastáil chun corp na curaí a thógáil. D´ordaigh Mikey deich slat ceaileacó chun an seol a dhéanamh. Ceanglaíodh an crann adhmaid trína chur trí phíosa gearrtha adhmaid a dtugtaí ´seas crainn´ air, agus a bhí cosúil le suíochán le poll gearrtha ina lár.

10. Curach Mhicheáil Ó Conghaile

Tá curach Mhikey Ó Conghaile ar taispeántas buan i Músaem Náisiúnta na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions