Scipeáil chuig ábhar

Modhanna traidisiúnta iascaireachta

Ag iascaireacht do bhran ó uaigh

Faigh amach faoi na modhanna a d'úsáid slatiascairí agus iascairí fionnuisce traidisiúnta na hÉireann.

Iascaireacht Mara

Ba bheag forbairt a bhí déanta ar thionscal iascaireachta na hÉireann san am atá caite. Dhéantaí an chuid is mó den iascaireacht ó bháid bheaga. Ba ghné shainiúil de chósta thiar na hÉireann iad na curacha canbháis a bhí clúdaithe le tarra, agus a d’eascair ó na báid sheithe. Le tamall anuas, is minicí gur as snáithínghloine a dhéantar iad. Dhéantaí an chuid is mó den iascaireacht ar scála beag i rith an tsamhraidh nuair a bhí na héisc níos líonmhara agus nuair a bhí an aimsir níos sábháilte do na báid bheaga.

Dhéantaí iascaireacht le dorú chomh maith le heangacha. In uisce domhain d’úsáideadh na hiascairí dorú le meáchan air chomh maith le go leor duán. Shocraíodh na hiascairí an dorú, d’fhágaidís thar oíche é ar ghrinneall na farraige. 

Dhéanadh iascairí a ndorú féin go minic ag casadh píosaí snátha agus á ndéanamh níos faide le castóir líne. D’úsáidtí línte láimhe chun breith ar mhaicréil, pollóga agus doingin ó bhád nó fiú ó aill.

D’úsáidtí sruthlíonta chun breith ar bhradáin agus d’fhágtaí amuigh iad thar oíche. Modh dolaíochta eile a bhí in úsáid chun breith ar scadáin agus ar mhaicréil ba ea an tsaighneoireacht, sé sin go ndéanadh dhá bhád sparán den líon timpeall ar na héisc. Sna hinbhir, d’úsáidtí modh ar a dtugtaí dolaíocht tharraingthe, an líon á ligint amach ón mbád agus é ag gluaiseacht amach ón gcladach.

Bhaineadh iascairí úsáid as potaí chun breith ar ghliomaigh agus ar phortáin, iad le díol de ghnáth faoi mar a bhíonn inniu. Fadó dhéantaí na potaí le brilleoga nó le fraoch fiú.. 

D'fhéadfaí sliogéisc dá leithéid a bhailiú ó bhád ag baint úsáide as ráca nó dreidire, agus bhailítí cinn eile de láimh nó bhaintí ó carraigeacha iad.

Iascaireacht Fionnuisce

B'iondúil gur gníomhaíocht bhreise a bhíodh san iascaireacht fionnuisce. Bhí cuid de na haibhneacha ab fhearr faoi úinéireacht phríobháideach, agus tharla póitseáil mar gheall air. 

Mhair roinnt modhanna ársa cosúil le sleádóireacht. D’úsáidtí sleánna difriúla chun breith ar eascanna agus ar bhradáin. Bhí sé dleathach de ghnáth bheith sa tóir ar eascanna ach bhí sé mídhleathach bheith ag sleádóireacht bradán agus go minic dhéantaí é istoíche le solas.

Chuirtí gaistí caolaigh nó gaistí a bhí déanta d’eangach in aibhneacha chun breith ar iasc. D’úsáidtí dola agus duáin mhóra ar a dtugtaí sracadóirí chun breith ar bhradán nó ar bhreac.

In aibhneacha áirithe ceadaíodh slat-iascaireacht agus dolaíocht do bhradáin le ceadúnas. Ach bhaineadh póitseálaithe úsáid as líonta mídhleathacha a shocraítí i gcoraí nó a tharraingítí tríd an uisce. Anonn go dtí na 1940idí bhí curach leathair in úsáid chun líonta bradáin a shocrú ar Abhainn na Bóinne. Ar thailte tuilte Abhainn an tSuca, bhaintí úsáid as rafta déanta coigil d'iascaireacht agus do sheilg éin– soitheach ar leith i dtuaisceart na hEorpa sa nua-aois.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions