Scipeáil chuig ábhar

Priontaí ime

Prionta ime (Bailiúchán an Ard-Mhúsaeim - F:1931.73)
Bhí priontaí ime ar gach cruth ann (scáthán, súil agus stampa) agus ba as píosa amháin adhmaid a deileadh na cinn ba luaithe le huirlisí snoite adhmaid agus gearrthóirí adhmaid. I bhfoirm scátháin a bhí na cinn roimhe sin agus i bportaigh a fuarthas iad. Ceapadh dearadh agus foirm na bpriontaí ime súl mar chosaint ar an drochshúil. Ba iad priontaí stampáilte ba choitianta agus an cineál ba dhéanaí a bhí ann.

Scalladh uirlisí déiríochta le go mbeidís glan agus b’éigean don adhmad a bheith láidir agus buanfasach. Bhíodh tóir ar an seiceamar thar aon adhmad eile ach bhí péine bán, adhmad silín agus dair coitianta, leis.

Dhíoltaí im le teacht isteach breise a shaothrú ar an bhfeirm. Bhí sé tábhachtach an t-im a mhaisiú le dearadh chun an déantóir agus an t-im a aithint ó im eile a bhí ar díol.

Ba dearaí den ór Muir agus de bhláthanna eile ba choitianta. Bhíodh dearthaí de bha, dearcáin, seamróga, feochadáin, punainn arbhair, ealaí, croíthe, sútha talún, grianta agus ciorcail coitianta chomh maith.

Ó 1889, le bunú na n-uachtarlann comhoibríoch, tháinig meath ar an déiríocht bhaile agus níor úsáideadh priontaí ime a thuilleadh chun an t-im a mhaisiú, ach amháin d’im a d’ití sa bhaile.

Féach ar an nGailearaí Ar Líne le haghaidh samplaí agus tuilleadh eolais faoi Imloirg.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions