Scipeáil chuig ábhar

Uirlisí Saothair

excerpt from 'Plans and Description of Economic Implements used in the execution of Public Works', British Parliamentary Papers: Famine Ireland, Vol. 6, Irish University Press

'I'll soon put you in a way to earn your own living'


Punch, 17 Deireadh Fómhair, 1846

Ag deireadh an ochtú haois déag measadh go raibh breis agus dhá mhilliún duine in Éirinn ag fáil bháis leis an ocras beagnach.[1] An oíche roimh an nGorta Mór in 1845, thuairiscigh Coimisiún Devon:

Ní fhéadfaí cur síos leordhóthanach a dhéanamh ar an anás a bhí á fhulaingt ag oibrithe, coiteoirí, sealbhóirí talún beaga agus a dteaghlaigh go minic agus go foighneach.[2]


Idir 1741 agus 1841 d’fhás an daonra ó 1.9-2.2 milliún go 8.1-8.5 milliún ach níor tháinig an méadú céanna ar dheiseanna fostaíochta a raibh géarghá leo. [3]  I bhfianaise an chúlra sin, téama coitianta a bhain leis na hiarrachtaí fóirithinte poiblí a sholáthar le linn an Ghorta Mhóir ba ea an fonn a bhí ann leithdháileadh cúnaimh ‘saor in aisce’ nó cúnamh neamhthuillte a sheachaint.

Ní raibh an dearcadh go raibh cúnamh ag teastáil ó dhaoine mar gheall ar easpa toilteanais soláthar dóibh féin. Is beag uirlisí a bhí ann chun an obair sin a dhéanamh, áfach. Agus ‘cuimhneachán’ á scríobh aige chuig an Ard-Leifteanant in 1837, thug Patrick M’Kye, múinteoir i Scoil Náisiúnta in iarthar Dhún na nGall, breac-chuntas ar na hacmhainní ábhartha a bhí ar fáil i bparóiste Thulacha Beigile. I measc na n-uirlisí talmhaíochta a bhí ar fáil do dhaonra de thart ar 4,000 duine, liostaigh M’Kye céachta aonair, sé bhráca déag, tríocha a dó rácaí agus fiche sluasaid.[4]

Chonaic cuid de na breathnadóirí leisce i measc bhochtáin na hÉireann a mbochtaineacht a mhaolú ach b’eol go maith an gceangal idir oibrithe agus an obair i gceantair eile. Agus Gustave de Beaumont ag taisteal in Éirinn in 1837, thug sé dearcadh suarach a léirigh na cúinsí teoranta a bhí ar fáil do go leor daoine:

Ní ach gairm amháin ar fáil don Caitliceach Éireannach – agus nuair nach bhfuil an t-airgead aige le bheith ina fheirmeoir déanann sé an talamh a thochailt mar shaothraí… An té nach bhfuil aon talamh aige le saothrú gheobhaidh sé bás mar gheall ar an ngorta.[5]


Mura bhféadfaí slí bheatha a chothú sa bhaile, thairg an eisimirce éalú do mhórán. Tugadh faoi deara níos déanaí san fhichiú haois, an traidisiúin seanbhunaithe go raibh ‘Lámha láidre ina bpas ag an oibrí Éireannach le haghaidh poist sclábhaíochta thar lear’.[6] Chuir an dochtúir sibhialtach a bhí ag maoirsiú na n-eisimirceach ag Grosse Île, Québec in 1846, dearcadh nach raibh chomh trócaireach in iúl. Cheap sé go raibh na eisimircigh Éireannacha ‘aineolach faoi gach rud taobh amuigh d’úsáid na spáide’.[7]

Seachas ceisteanna faoi cé a bhí aineolach, d’fhorbair cineál eile ocrais le linn na chéad leithe den naoú haois déag a léirigh úsáideacht na spáide. D’fhás cíocras talún mar aon le méadú ar an daonra. Tosaíodh ag úsáid níos mó dramhaíola; saothrú prátaí leis an spád agus an modh ‘iompaithe’ á aithint as a gcumas oibriú ar an talamh sin agus talún a bheadh oiriúnach do bharra gráin a dhéanamh di.[8] Bhí aon trian den talamh go léir nó 2.1 milliún acra á n-úsáid do phrátaí in 1845 cé go dtiocfadh laghdú suntasach air sin agus dhá bhliain ina dhiaidh sin taifeadadh é ag níos lú ná 0.3 milliún.[9] 

Agus an spád aitheanta mar ‘an t-aon ghléas láimhe ceannródaíoch a bhfuil tábhacht ar bith leis in Éirinn’, ba shainuirlis é an spád, nó an láí, atá le feiceáil thíos, a d’oir go maith do na feirmeacha beaga ar thalamh níos boichte, talamh phortaigh agus talamh charraigeach.[10] Is ó Chontae Longfoirt a tháinig an sampla aonchluais seo. Cineál a bhíodh baint aige le deisceart agus le hiarthar na tíre a bhí ann de ghnáth ach d’úsáidtí spád i gcoitinne, ar fud na tíre.


Láí (N.M.I. Collection – F:1937.43)

Cé acu mar oibrithe imirceacha nó spailpíní, mar a fheictear san íomhá thíos, mar shampla, nó saothair a tugadh mar mhalairt ar phíosa beag talún nó conacra, ba é an spád an modh riachtanach chun slí bheatha a shaothrú do go leor daoine.
 


HOYFM.66.2009.52  ‘Sketch No. 55’ Sampson Towgood Roch[e], 1759 – 1847
© National Museums NI Ulster Folk Museum Collection

Agus cur síos déanta ag breathnóir amháin air mar airgeadra an tuathánaigh, éilíodh le conarcra malartú saothair le haghaidh ceapadh talún arbh leor í chun barr prátaí a fhás. Socraithe in aghaidh cíos £8 an acra, agus ráta malairte saothair 8d. (pingin) in aghaidh an lae, d’fhéadfaí oibrí a chur faoi cheangal 240 lá seirbhíse dá fhostóir.[11] D'éirigh leis an gcleachtadh costasach sin mar gheall ar chíocras talún agus soláthar flúirseach saothair.
I malartuithe gan airgead den sórt sin, agus chun díospóidí a sheachaint, d’fhéadtaí an bata scóir a úsáid mar mhodh chun an obair a rineadh a thaifeadadh.[12] Agus baint aige níos déanaí le pionós a ghearradh ar dhaltaí as an nGaeilge a labhairt ar scoil, tá stair níos faide ag an mbata scóir mar mhodh chun idirbhearta gnó nó dlíthiúla a thaifeadadh.[13] Dhéantaí maide scoilte ar a fhad a chur in eangach chun súil a choinneáil ar an am a oibríodh agus coinneodh gach páirtí faoi seach leath amháin de.
 


Bata Scóir (N.M.I. Collection – F:1909.70(A)

Mar fhreagra thar téarma ar bhochtaineacht a bhí aitheanta go forleathan, go gearr i ndiaidh thabhairt isteach Dhlí na mBocht in Éirinn 1838 tugadh isteach clár fairsing tógála um thithe na mbocht ar fud na hÉireann.[14] Tógadh iad seo chun freastal ar na na daoine bochta. Ba bhunthuiscint d’aon duine ábalta a fuair cead isteach, an riachtanas oibriú le linn dó a bheith ina chónaí i dteach na mbocht. Bhí an méid seo a leanas ceangailte ar mháistir theach na mbocht:

Fostaíocht na mBochtán fásta ábalta a sholáthar agus a fhorghníomhú, le linn iomlán na n-uaireanta saothair; cuidiú le hoiliúint a chur ar an aos óg i pé fostaíocht is fearr a oireann dóibh chun a mbeatha féin a shaothrú; na Bochtáin atá faoi mhíchumas páirteach a choinneáil gafa a mhéid atá sé ar a gcumas; agus gan ligean d’aon duine atá ábalta oibriú a bheith díomhaoin tráth ar bith.[15]

D’fhéadfadh go mbeadh sé i gceist leis an raon dualgas oibre a bheadh ar chónaitheoir i dteach na mbocht, i measc nithe eile, briseadh cloch, ag obair ar thalamh theach na mbocht nó obair láimhe eile ar theach na mbocht nó timpeall air.  


Casúr, ‘a bhain le Teach Bocht na Gaillimhe.’ (N.M.I. Collection - F:2000.245)

 
I gcás nárbh fhéidir cead isteach eile a fháil i dteach na mbocht, nó mura raibh sé inmhianaithe, thuigtí fós nach gcuirfí cúnamh ar fáil, ar a laghad do dhaoine ábalta, ach trína gcuid iarrachtaí coirp féin. Le fostaíocht ar oibreacha fóirithinte phoiblí, go teoiriciúil, bhíodh an deis ann go leor ioncaim a thuilleamh chun bia a cheannach. I gcéimeanna luatha an Ghorta, ba chosúil go raibh sé sin fíor i ngníomh agus bhíodh an-éileamh ar an deis a bheith fostaithe ar an dóigh sin. Léirítear é sin i gcuntas ó chontae na hIarmhí inar insíodh go daoine ‘an-sásta fostaíocht a fháil ar na hOibreacha Poiblí sin’.[16] De réir mar a chuaigh an Gorta ar aghaidh ó 1846 go 1847, tugadh isteach íocaíocht tascráta ar oibreacha poiblí agus mhéadaigh na praghsanna bia. Is minic nárbh leor cumas na n-oibrithe soláthar a dhéanamh díobh féin agus dá dteaghlaigh dá raibh ag teastáil uathu.
 


'Plans and Description of Economic Implements used in the execution of Public Works',
British Parliamentary Papers: Famine Ireland, Vol. 6, Irish University Press

Is anseo a bhí chineál leochaileach an chórais agus an práta mar a chrann seasta.[17] Nuair a theip ar an mbarr prátaí, ní raibh mórán cúltaiscí ag cuid mhaith den daonra, a bhí ag an maireachtáil ar an gcaolchuid cheana, chun iad a choinneáil ag gabháil. Lagaíodh a gcumas agus a n-acmhainn chun soláthar a dhéanamh dóibh féin de réir a chéile agus bhí teach na mbocht nó na hoibreacha fóirithinte poiblí ag streachailt, agus theip orthu ar deireadh, go leor tacaíochta a sholáthar chun ocras, galair agus bás a chosc.

[1] O’Connor, John, The Workhouses of Ireland. The fate of Ireland's poor, Anvil Books, Dublin, 1997, p.47.
[2] O’Connor, John, The Workhouses of Ireland. The fate of Ireland's poor, p.100.
[3] Daly, Mary E., ‘Famines and Famine Relief, 1740-2000’ in The Cambridge Social History of Modern Ireland, Biagini, Eugenio F., & Daly, Mary E., (eds.), Cambridge University Press, Cambridge, 2017, p.40.
[4] Nicholson, Asenath, Annals of the Famine in Ireland in 1847, 1848, and 1849, New York, 1851, pp 88-89. (The population for this parish would be revised upwards to at least double this figure following the 1841 census)
[5] Quoted in O’Connor, John, The Workhouses of Ireland, p.111.
[6] Evans, Estyn E., Irish Folk Ways, Routledge, London, 1972, p.127.
[7] McGowan, Mark, ‘Grosse Île, Quebec’ in Atlas of the Great Irish Famine, Crowley, J., Smyth, William J. & Murphy M., (eds.), Cork University Press, Cork, 2013, p. 533.
[8] Bell, Jonathan, ‘A Contribution to the Study of Cultivation Ridges in Ireland’ in The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 1984, Vol. 114, p.90; Watson, Mervyn, ‘Spade versus ploughs: A nineteenth century debate. Part one.’ in Ulster Folklife, Vol.46, 2000, p.49.
[9] Ó Gráda, Cormac, Black '47 and Beyond. The Great Irish Famine in History, Economy, and Memory, Princeton University Press, 1999, p.19 & p.21.
[10] Ó Danachair, Caoimhin, ‘The use of the spade in Ireland’ in The spade in northern and Atlantic Europe (eds. Gailey, A. & Fenton, A.), Belfast, 1970, p.49
[11] Somerville, Alexander, Letters from Ireland during the Famine of 1847, (ed Snell, K.D.M.), Irish Academic Press, Dublin, 1994, p.83.
[12] O’Dowd, Anne, Spalpeens and Tattie Hokers. History and Folklore of the Irish Migratory Agricultural Worker in Ireland and Britain, Irish Academic Press, Dublin, 1991, p.204 & pp 331-333.
[13] Evan-Thomas, Owen, Domestic Utensils of Wood, London, 1932, pp 70-71.
[14] O’Connor, John, The Workhouses of Ireland., p.47.
[15] O’Connor, John, The Workhouses of Ireland, p.225.
[16] Póirtéir, Cathal, Famine Echoes, Gill & Macmillan, Dublin, 1995, p.152.
[17] Ó Gráda, Cormac quoted in Watson, Mervyn, ‘Spade versus ploughs: A nineteenth century debate. Part one.’, p.50

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions