Scipeáil chuig ábhar

Na glúnta romhainn - ceiliúradh na Nollag fadó

Agus an Nollaig ag teannadh linn agus muid gafa ag ceannach bronntanas agus ag cur maisiúcháin Nollag in airde, tógaimis cúpla nóiméad le smaoineamh siar ar an Nollaig a bhíodh ag ár sinsir sna blianta atá imithe thart.

Is féidir léamh faoi mhórchuid de na traidisiúin agus de na nósanna seo agus samplaí díobh a fheiceáil i mBailiúchán Shaol na nDaoine, atá ar taispeáint sa Mhúsaem.

An Cárta Nollag

I Sasana a rinne John Horsley agus Henry Cole an chéad chárta Nollag i 1843. Le himeacht ama, thosaigh daoine ag cur cártaí Nollag chuig a chéile, in ionad litir a scríobh nó cuairt a thabhairt. Mhéadaigh ar rogha na gcártaí Nollag nuair a tháinig clódóireacht datha ar an saol agus nuair a tugadh isteach post na pingine i 1840. Thosaigh cártaí Nollag i Meiriceá i 1875.

Crann Nollag agus Maisiúcháin Nollag

Ba é Prionsa Albert na Breataine a thug an chéad chrann Nollag isteach sa Bhreatain agus in Éirinn sna 1840í. Daoine saibhre amháin a cheannaíodh iad ar dtús.  Ba leis an gcuileann, an eidhneán agus an labhras a mhaisíodh na gnáthdhaoine a gcuid tithe. Deirtí le páistí in Éirinn go raibh aingeal ina sheasamh ar gach ceann de na spící ar dhuilleoga an chuilinn agus nach mbíonn paidir a fhágtar gan freagra Oíche Nollag. D’éirigh crainn Nollag coitianta ar fud na hÉireann ó lár na 20ú haoise ar aghaidh.

Breith Íosa

Chreid mórchuid daoine gurbh é Naomh Proinnsias Assisi a thóg an chéad mhainséar, mar léiriú ar bhreith Chríost. Bhíodh mainséar ag beagnach gach teaghlach in Éirinn, agus bhailíodh na páistí caonach lena mhaisiú. Ní leagtaí an leanbh Íosa sa mhainséar go dtí maidin Nollag.

Oíche Nollag

Théadh formhór mhuintir na hÉireann ar fhaoistin agus ar Aifreann an Mheán Oíche. Tar éis an Aifrinn, d’itheadh daoine suipéar d’iasc farraige (bán), prátaí agus anlann oinniún. Tar éis an Choróin Mhuire a rá, thugtaí só-bhia do na páistí, agus lastaí loga Nollag (siombail den solas).

Uaireanta d’fhágtaí báisín uisce ar leac na fuinneoige. Chreidtí go mbeannódh an Teaghlach Ró-Naofa é agus iad ag gabháil thar bráid, rud a dhéanfadh uisce íceach de. Leagtaí trí áit bhreise don Teaghlach Ró-Naofa ag an mbord.
Ba nós le teaghlaigh coinnle a lasadh i gcuimhne ar ghaolta a cailleadh an bhliain sin agus d’fhágtaí doirse ar oscailt le fáilte a chur roimh spriorad na ndaoine marbha sin ar ais isteach sa teach.

Lá Nollag

Cuid d’ullmhúcháin na Nollag ab ea é an teach agus clós na feirme a ghlanadh ó bhun go barr, agus bia séasúrtha agus rudaí deasa eile a cheannach. Tar éis dul ar Aifreann Lá Nollag, d’imríodh na fir spórt fad a bhíodh béile speisialta á ullmhú ag na mná. Bhaineadh na páistí sult as na bréagáin a bhí faighte acu mar bhronntanais Nollag.

Fágtar coinneal ar lasadh ar an mbord oíche Nollag. Creidtear go ngabhann an Mhaighdean Mhuire thar gach teach Oíche Nollag agus go mbronnfar beannachtaí ar an teaghlach san Athbhliain má tá coinneall ar lasadh.
- P. J. O’Sullivan, Annascaul, Co. Kerry, 1941
[Department of Irish Folklore, U.C.D. Ms. 782:257]

Lá ‘le Stiofáin

Lucht an Dreoilín

Lá Fhéile Stiofáin, an 26 Nollaig, thugadh ‘Lucht an Dreoilín’ corp éin bhig ar taispeáint ó theach go teach. Bheidís gléasta i mbréagriocht agus d’iompraítí an dreoilín i mbosca beag maisithe. D’iarraidís airgead ar mhuintir gach tí chun ‘an Dreoilín a chur’. Agus mar chúiteamh, chanaidís amhráin agus d’insídís scéalta grinn. An t-airgead a bailíodh, chaití é sna laethanta ina dhiaidh sin ar ‘Chóisir Dhreoilín’.

Up with the kettle and down with the pan: Give us some money to bury the wren.

Cleamairí

Aisteoirí a bhí sna cleamairí, a deireadh véarsaí go poiblí in imeacht dhá lá dhéag na Nollag. Seanfhoirm amharclannaíochta a bhí anseo, idir bheirt laoch throdacha, agus dochtúir a thagadh i gcabhair ar an té a thitfeadh. Tá an traidisiún seo beo fós i gcodanna áirithe den tír, go háirithe ó thuaidh.

Nollaig na mBan 6 Eanáir

Féile Chríostaí is ea Nollaig Bheag, nuair a cheiliúrtar cuairt an Triúr Saoithe ar an Leanbh Íosa. Lá Saoire Fógartha Eaglaise is ea é. Ainm eile air ná Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag agus meastar é a bheith mí-ádhmharach maisiúcháin Nollag a bhaint anuas sula mbíonn sé istigh. ‘Nollaig na mBan’ a thugtar air, leis, in Éirinn as an traidisiún go ndéanfadh na fir an chócaireacht an lá sin le sos a thabhairt do na mná.

Clodagh Doyle, Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe, a chum


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions