Scipeáil chuig ábhar

Crosa Péindlíthe

Cros Péindlíthe (Bailiúchán an Ard-Mhúsaeim - F:1932.93)
Ar na crosa adhmaid atá ar taispeáint anseo, feicfear dátaí ó thús an ochtú haois déag go dtí díreach tar éis lár an naoú haois déag.  Tá sé ráite go bhfuil siad ar an mbeagán samplaí d’ealaín na tuaithe in Éirinn a tháinig slán go dtí an lá inniu.

De réir mar a tháinig siad isteach i mbailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann, cláraíodh a gcuid sonraí ar na cártaí innéacs a fheiceann tú thíos. Ba cheart crosa céasta a thabhairt orthu le fírinne, ach mar is léir ó na cártaí, fiú laistigh den Mhúsaem, athraíodh de réir a chéile an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar na déantáin seo. Crosa Péindlíthe an téarma a tháinig anuas chugainn sa traidisiún agus is é an téarma a úsáidimid chun cur síos a dhéanamh orthu inniu.






Tá daoine ann a mhaíonn go bhfuil bunús amháin leis na crosa, mar is léir ó chosúlachtaí idir stíl agus teicníochtaí. Is dócha gur snoiteadh agus gur díoladh iad i gcomharsanacht Loch Dearg, Co. Dhún na nGall leo siúd a bhí ag dul ar oilithreacht go hOileán Phurgadóir Phádraig. Léiríonn na dátaí a snoiteadh ar na crosa an bhliain ar tugadh faoin oilithreacht.

Is féidir cosúlachtaí a fheiceáil sna hinscríbhinní. Ar an taobh seo (aghaidh thosaigh), INRI (Laidin: Iēsus Nazarēnus, Rēx Iūdaeōrum / Béarla: Íosa an Nasarthach, Rí na nGiúdach) agus ar a chúl, is gnách an monagram IHS a fheiceáil (giorrúchán den ainm ΙΗΣΟΥΣ (Íosa) ón nGréigis) Tá siombailí áirithe i bpáirt acu freisin – cé nach bhfuil siad le feiceáil i ngach cás. Ina measc seo tá pionsúir, casúr, dísle, dréimire, sleá, coileach i bpota, sciúirsí agus trí thairne. 

drawing of cross with symbols


 from A.T. Lucas & H.G. Tempest,
' "Penal" Crucifixes', Journal of the County Louth Archaeological Society, 1954, Vol. 13, No. 2, pp 145-174

Liam Doherty, Rannán Shaol na Tuaithe.
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions