Scipeáil chuig ábhar

An Fómhar

Snaidhmeanna Fómhair

Foghlaim faoi thraidisiuin agus béaloideas an Fhómhair in Éirinn.


Lúnasa

Mharcáil Lúnasa tús an fhómhair agus séasúr an fhómhair. Ceiliúradh é ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil nó ar an gc ead Domhnach de mhí Lúnasa. In áiteanna áiirithe marcáileadh an lá le tionóil ar shléibhte nó ag locha agus in áiteanna eile ba lá traidisiúnta do fhéilte an fhómhair.

An Fómhar

Chuidigh an teaghlach agus an pobal ar fad le baint an fhómhair. Bhíodh searmanas speisialta ann le gearradh na punainne deiridh, ar a dtugtaí an cailleach. Ba mhinic an cailleach seo a mhaisiú agus a chrochadh os cionn an tábla ag béile ceiliúrtha an fhómhair.

In áiteanna áirithe mhaisigh fir agus mná píosaí tuí le ‘snadhmanna fómhair’ a dhéanamh, le malartú mar chomharthaí grá agus suirí ag féile an fhómhair.

Oilithreacht

B'am é an fómhar freisin d'oilithreacht, pátrúin (cuairteanna pobail ar shuímh bheannaithe) agus urnaí. Chomh maith le pátrúin ar thobair bheannaithe áitiúla théadh daoine ar oilithreacht chuig áiteanna cáiliúla amhail Cruch Phádraig agus Cnoc Mhuire i gCo. Mhaigh Eo agus Loch Dearg i gCo. Dhún na nGall.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions