Scipeáil chuig ábhar

An Samhradh

Léigh faoi Lá Bealtaine, Lúnasa agus nósanna samhraidh traidiisiúnta eile.


Lá Bealtaine

Is éard a bhí i mBealtaine, an chéad lá den samhradh, ná féile fáilte de bhláthanna, damhsa agus tinte cnámha. Mhaisigh daoine an taobh amuigh da dtithe le Sceacha Geala, bláthanna agus aiteann chun an dea-ádh a chothú.

Dhoirt said uisce coisricthe ar a dtithe agus ar a bhfeirmeacha freisin chun an dea-ádh a chothu. Chreid siad sa chosaint orthu féin, ar a dteach, a mbólacht, a gcuinneog agus a dtoradh deiríochta ó dhrochthionchair agus nithe olca ón saol eile.

Sa fichiú haois bhíodh mórshiúlta religiúnda in onór na Maighdine Muire i mí Bealtaine freisin, agus bhí altóirí lán de bhláthanna Bealtaine coitianta go maith.

Oíche Fhéile Eoin

Ba mhinic go nglaoití lár an tsamhraidh ar an 23 Meitheamh, Oíche Fhéile Eoin toisc go raibh se i ngaireacht do ghrianstad an tsamhraidh, an lá is faide sa bhlian. Lastaí tinte cnámha pobail ar na cnoic agus bhí iomaíocht idir na pobail chun an tine cnámha ba mhó a thógáil. Bhiodh damhsa, suirí agus uaireanta troid mar chuid den cheiliúradh.

Dheineadh teaghlaigh tinte beaga a lasadh ara bhfeirm agus luaithrigh lasta a chaitheamh ón tine ar a ngoirt d'fhonn fómhar maith a chinntiú.

Bhiodh siamsaíocht lasmuigh agu spórt do chách ann i rith an tsamhraidh freisin. Gníomhaíochtaí coitianta ab ea iascaireacht, babhláil agus rinnce ag an gcrosbhóthar freisin.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions