Scipeáil chuig ábhar

Crosa Bhríde

Cros fite ina chéile (Bailiúchán A.M.É. F:1942.292 (A))
Nós coitianta i gcónaí is ea é crosa Bhríde a dhéanamh i dtithe in Éirinn ar an 31 Eanáir. Is í an chros is mó aithne againn an chros cheithre ghéag, a aithnímid go léir mar shuaitheantas do theilifís na hÉireann ón mbliain 1961. Bhí stíleanna réigiúnacha agus éagsúlachtaí de chrosa Bhríde ann ar fud na hÉireann agus is minic a rinneadh go leor stíleanna san aon teach amháin. Ba iad na dearaí traidisiúnta an diamant, an chros idirfhleascaithe, nó an chros rothchruthach, agus d'fhéadfadh dhá ghéag, trí ghéag nó ceithre ghéag a bheith uirthi. Is éard a bhí sna cinn ba shimplí dhá stiall adhmaid nó trilseáin tuí ceangailte le chéile chun cros a dhéanamh. 

As tuí, luachra agus giolcacha a dheintí a bhformhór, ach baineadh úsáid as féar, féar tirim, adhmad, cleití gé, sreang agus fabraic freisin. Is cuma cén t-ábhar a roghnaíodh, spréití uisce coisricthe air roimh ré agus deirtí paidir go minic chun fáilte a chur roimh an naomh isteach sa teach. Cuireadh crosa ar crochadh i dtithe agus i mbotháin ainmhithe chun beannacht Naomh Bríd a iarraidh.

Féach ar an nGailearaí Ar Líne le haghaidh samplaí agus tuilleadh eolais faoi Crosa Bhríde.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions