Scipeáil chuig ábhar

Feisteas agus déantáin tuí

Hata cleamaire (Bailiúchán an an Ard-Mhúsaeim - F:1967.56)

Tréith choitianta i saol ár sinsir thuaithe ab ea amhábhar a fuarthas mórthimpeall orthu a úsáid.
D’fhéadfadh na hábhair sin a bheith chomh héagsúil le luachair, driseacha, fraoch agus fiú aiteann.  Ba é tuí an t-ábhar a úsáideadh chun formhór na ndéantán a gheofar anseo a dhéanamh.
Shamhlaítí an t-ádh dearg le mórchuid de na cultacha tuí. Ó cheann ceann na bliana, cibé lucht na féile Bríde, cleamairí le haghaidh póstaí nó lucht an dreoilín um Nollaig, bhain siad uile leis an ‘perambulation of luck’ (camchuairt an áidh) (Gailey), lch. 87). Thairg siad ádh mór orthu siúd a chas orthu agus iad ag taisteal ó theach go teach nó ar fud na ndúichí áitiúla.

Bhí éagsúlacht mhór sna téarmaí a úsáideadh i réigiúin éagsúla na tíre do na buíonta seo a dhéanadh ádh á thairiscint do lánúin nuaphósta. I lár na tíre agus san iarthuaisceart, thugtaí Ban(d)beggars, Bangbears nó 'Beggars' orthu. I dtuaisceart Laighean, sa Chabhán agus i Muineachán thugtaí ‘Grannies’, GráinneBuachaillí bréige orthu. ‘Bacachs’ nó Bacaigh a thugtaí orthu in iarthar an Chláir agus i gCorcaigh. I gCill Chainnigh agus i gCeatharlach ba é  ‘Collickers’, ‘Coileachs’ agus na ‘Cailleachs’ (Cailleacha) an téarma ba choitianta agus i nGaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin, bhí neart ainmneacha orthu, ina measc bhí Failpirí, Geamairí agus Pucairí. (O'Dowd, lch. 109)

Agus nósanna na bliana féilire nó rith na séasúr á marcáil, léiríonn na rudaí thíos na traidisiúin a bhí ag daoine i bpáirt agus an difríocht idir thraidisiúin i gcodanna éagsúla den tír. 

Is fiú a lua anseo na líníochtaí líne d’earraí a úsáideadh uair amháin chun rudaí a tháinig isteach i mBailiúchán Saol Tíre na hÉireann a chlárú. Chláraítí na líníochtaí seo ar chártaí innéacs ar a mbreactaí an fhaisnéis ábhartha faoin réad féin. Le himeacht aimsire, ghabh an grianghraf áit na líníochta líne mar mhodh cláraithe, ach is féidir leat an dá rud a chur i gcodarsnacht i roinnt de na samplaí thíos.

Gailey, A., ‘Straw costume in Irish Folk customs’, Folk Life Journal, Vol. VI, 1968, lgh 83-93.
O'Dowd, A., Straw, Hay and Rushes in Irish Folk Tradition, Irish Academic Press, (Kildare) 2015.


 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions