Scipeáil chuig ábhar

Miotalóireacht

Blacksmith Richard Hatton and his son, George, shoeing a cart wheel, Baylin, Athlone, Co. Westmeath

Féach mar a rinne gaibhne agus gaibhne stáim a gcuid oibre in Éirinn traidisiúnta.

An Gabha Stáin

Ag obair ar champaí ar thaobh an bhóthair, rinne an gabha stáin, nó an ‘tincéir’ nithe stán cosúil le soithigh agus lampaí agus dheisigh sé earraí cosúil le sáspain agus buicéid. Dhíoladh a theaghlach a chuid earraí ó dhoras go doras, mar aon le hearraí eile a bhíodh ag teastáil ó theaghlaigh tuaithe, cosúil le almanaig, snáthaidí, scuaba sciúrtha agus pionnaí adhmaid.

Déantóirí Úmacha

Toisc go raibh capaill oibre coitianta in Éirinn, bhí an-éileamh ar déantóir úmacha. Bhí láidreacht agus marthanacht úma tábhachtach toisc go mbíodh an feirmeoir ag brath ar chumhacht na gcapall leis an méid sin de thascanna an lae a dhéanamh. D'fhéadfadh déantóir úmacha suas le seacht mbliana a chaitheamh ag foghlaim a cheirde.

An Gabha

Breathnaíodh ar an ngabha mar an phríomhcheardaí agus bhí meas agus aitheantas air as a ról tábhachtach sa phobal. Chruthaigh sé agus dheisigh sé réimse leathan ábhar ó gheataí go dtí uirlisí cócaireachta agus uirlisí talmhaíochta agus uirlisí na gceardaithe. B’eisean an crúdóir chomh maith – an dualgas air crúite a chur ar chapaill agus ar asail.

Uaireanta chuirfeadh an gabha píosa ornáideach maisiúcháin lena shaothar.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions