Scipeáil chuig ábhar

Ábhair Nádúrtha

Bhaintí úsáid as tuí, luachair agus ábhair orgánacha eile chun ciseáin a shníomh agus ceann tuí a chur ar tithe.

Bhaintí úsáid as ciseáin ar fud na tuaithe agus éagsúlacht cruthanna agus toirteanna á ndéanamh don uile chineál úsáid sa teach agus ar an bhfeirm. Dhéantaí ciseáin chliathoibre de shlata sailí, brilleoga agus saileánach. Thugtaí saileach ar Salix Viminalis i gcoitinne agus thugtaí tuige ar chineálacha níos fearr amhail Salix Purpurea . D’fhás go leor feirmeoirí brilleoga chun a gciseáin féin a dhéanamh. Dhéantaí ciseáin as tuí, luachra, fraoch agus dris chomh maith.

Tuíodóireacht

Bhíodh díonta tuí coitianta ar fud na tíre tráth, agus, ar nós na gciseán, dheintí as ábhair nádúrtha iad. D’úsáidtí modhanna éagsúla i gceantair éagsúla chun iad a cheangal i sraith sraitheanna nasctha chun an díon tuí a dhéanamh. Ní bhíodh de dhíth ar thuíodóirí ach cúpla uirlis de dhearadh simplí, a dheintí ag an tuíodóir féin de ghnáth, nó ag an ngabha áitiuil.

Bhí sá-tuíodóireacht an-choitianta in oirthear na tíre. Leis an modh seo chuirtí fainnil bheaga tuí isteach sa sean-tuí le forc beag ar a dtugtaí sáiteoir. Ní raibh an modh seo chomh comónta go náisiúnta is a bhí scolbáil áit a nasctaí an tuí leis an díon le slataí sailí nó le collslataí a ghreamaítí le ‘scoilb’ – is é sin cipíní biorracha, solúbtha, cosúil le biorán gruaige.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions