Scipeáil chuig ábhar

Ceirdeanna agus Ceardaíocht - Ceisteanna Coitianta

Aimsigh ceisteanna a chuirtear go minic faoi cheirdeanna agus ceardaíocht thraidisiúnta na hEireann amhail fíodóireacht ciseán, gaibhneacht stáin, diallatra agus déanamh úmacha.

An bhfuil difríochtaí réigiúnacha i réada ceirdeanna agus ceardaíochta?

Bíonn an-éagsúlacht réigiúnach ó thaobh ábhair agus deartha de in earraí tí a mbaintear mórán an úsáid chéanna astu. Níl sé neamhghnách teacht ar stíleanna éagsúla cathaoireacha, cuinneoga ime nó díonta tuí a bhain le háiteanna éagsúla sa tír. Bhí na difríochtaí seo ann de bharr ábhar áitiúil a bheith in úsáid, éagsúlacht scileanna na ndéantóirí agus de bharr rogha pearsanta agus traidisiún.

An bhfuil na scileanna seo ar taifead in aon áit?

Bunaíodh rannóg Saol na Tuaithe in Éirinn de  Ard-Mhúsaem na hÉireann sna 1930idí chun taifeadadh a dhéanamh ar chleachtas na gceirdeanna agus na ceardaíochta seo agus chun na réada a tháirg na ceardaithe a chaomhnú.
 Sa rannóg tá cartlann taighde chuimsitheach de ghrianghraif agus roinnt scannáin, a léiríonn na ceardaithe seo agus iad ag obair. Chomh maith leis sin tá taifid sa chartlann sa Rannóg Béaloidis  An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Céard a d’úsáid an deileadóir adhmaid chun a chuid earraí a dhéanamh?

Bhain an saor adhmaid speisialaithe – an deileadóir – úsáid as deil chun píosaí adhmaid a mhúnlú i réimse nithe ciorclacha nó sorcóireacha cosúil le babhlaí agus ubhchupáin, nó cosa do spáid agus cluasa d’uirlisí ceardaithe. Is éard atá sa deil san fhoirm is simplí ná bíomaí cothrománacha le corr feiste ar a gcastaí an píosa adhmaid a bhí le múnlú. 
Is forbairt í an deil chleithe ar an deil bhunúsach; feidhmíonn sé ar an bprionsabal go gcastar an píosa adhmaid trí chordaí a chur timpeall air, le taobh amháin den chorda nasctha leis an troitheán (luamhán a bhrúitear leis an gcos), agus an ceann eile le cuaille solúbtha os a chionn.. Lig an deil chleithe don cheardaí obair a dhéanamh ar thaobh amháin den adhmad ag am ar bith, rud atá éagsúil ón deil nua-aimseartha lena rothlach leanúnach.. Chiallaigh sé seo go bhféadfadh sé srón a fhágáil ar an adhmad a d'fhéadfaí a shníomh níos déanaí chun hanla a dhéanamh de.. Bhí James Loftus as Buiríos Uí Chéin, Co. Thiobraid Árann (1851 - 1933), ar cheann de na deileadóirí cleithe traidisiúnta deiridh.

Cén fáth ar tháinig meath ar cheirdeanna agus ar cheardaíocht?

Bhí deireadh ag teacht le ról an cheardaí i lár an 20ú hAois, le fáil níos éasca ar earraí a olltáirgeadh, a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le modhanna agus líonraí nua iompair. De réir mar a tháinig an tarracóir in áit an chapaill tháinig laghdú ar obair an ghabha agus an déantóra úma.
Laghdaigh tábhacht na gciseán le teacht an phlaistigh nua mar aon le paicáistiú earraí i mboscaí cairtchláir, Tháinig troscán ó mhonarcha, déanta go minic as ábhar nua cosúil le sraithadhmad, agus ghlac sé áit an stíl dhúchais.

Cén ról a bhí ag an ngabha sa phobal?

Breathnaíodh ar an ngabha mar an phríomhcheardaí agus bhí meas agus aitheantas air as a ról tábhachtach sa phobal. Chruthaigh sé agus dheisigh sé réimse leathan ábhar ó gheataí go dtí uirlisí cócaireachta agus uirlisí talmhaíochta agus uirlisí na gceardaithe. B’eisean an crúdóir chomh maith – an dualgas air crúite a chur ar chapaill agus ar asail.

Cén úsáid a bhaintí as na cineálacha éagsúla ciseáin?

Bhaintí úsáid as ciseáin ar fud na tuaithe agus éagsúlacht cruthanna agus toirteanna á ndéanamh don uile chineál úsáid sa teach agus ar an bhfeirm. Baineadh gach cineál úsáid astu, idir stóras agus cur síol agus beathú agus coinneáil ainmhithe. 
Dhéantaí ciseáin chliathoibre de shlata sailí, brilleoga agus saileánach. de ghnáth. D’fhás go leor feirmeoirí brilleoga chun a gciseáin féin a dhéanamh. Dhéantaí ciseáin as tuí, luachra, fraoch agus dris chomh maith.

Conas a mhaisigh daoine a dtithe?

Ón dara leath den naoú haois déag ar aghaidh, bhí troscán cosúil le cathaoireacha, drisiúir, boird agus leapacha frámaithe an-choitianta sna tithe tuaithe ba bhoichte fiú, mar bhí daoine ag éirí níos rachmasaí agus bhí fáil níos mó ar chineálacha adhmaid níos saoire. 
Thóg saoir adhmaid, siúinéirí agus rothadóirí , troscán chun leas a bhaint as an spás thart ar na ballaí agus as an easpa spáis a bhí ar an urlár laistigh den teach.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions