Scipeáil chuig ábhar

Seirbhísí Taighde Shaol na Tuaithe

Tá an chuid is mó den 35,000 réad i mbailiúcháin rannóg Shaol na Tuaithe sna stórtha nua a tógadh le sainchuspóir ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo. Tá cuid mhór de na réada atá níos mó, innealra feirme ó thús an 20ú hAois ina measc, i stór an Mhúsaeim sa Daingean, Co. Uíbh Fhailí.

Níl ach cuid bheag de bhailiúcháin na rannóige ar taispeáint don phobal, mar a bhíonn i músaem ar bith. Tá an chuid seo den bhailiúchán ar fáil don phobal le linn uaireanta oscailte an Mhúsaeim. Is féidir rochtain a fháil ar na bailiúcháin chúltaca, agus na doiciméid a bhaineann leo, trí shocrú a dhéanamh roimh ré. Ba chóir do dhuine ar bith ar mian leo staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de na bailiúcháin, mar an chéad chéim, dul i dteagmháil leis an gCoimeádaí ar Dualgas, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Tel. +353 94 9031755.

Tá leabharlann agus cartlann shuntasach ag rannóg Saol na Tuaithe. Ní féidir úsáid a bhaint astu ach amháin le coinne. Téigh i dteagmháil linn le do thoil le haghaidh tuilleadh sonraí.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions