Scipeáil chuig ábhar

An Tionscadal Teicstílí ‘Tithe Leictreacha Éireannacha

An Tionscadal
 
Is é is an Tionscadal Ealaíne Teicstílí ‘Tithe Leictreacha Éireannacha’ ná tionscadal teicstílí pobail ar choimisiúnaigh Aois agus Deis é i gcomhpháirt le hArd-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe mar chuid de thaispeántas Chumhacht na Cistine. Chistigh an Chomhairle Taighde Ealaíon agus Daonnachtaí é mar chuid den tionscadal taighde ‘Tithe Leictreacha Éireannacha’, Ollscoil Kingston, as ar tháinig an taispeántas seo.
 
Rinneadh an saothar atá ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe mar fhreagairt do leictriú na tuaithe in Éirinn, go háirithe an tionchar a bhí aige ar mhná. Is corp saothair é ina dtugtar léargas ar ghuthanna agus machnaimh uathúla agus aonair ar an am bunathraitheach tábhachtach seo i saol na hÉireann.
 
Is é grúpa ban áitiúil a chuir na píosaí le chéile. D’oibrigh siad faoi stiúir ag Anna Spearman, amharc-ealaíontóir, agus bhain siad úsáid as raon cineálacha cruthaitheacha cur chuige.
 
“Is dóigh liom gurb é atá sa dúshlán ná na guthanna aonair sin a tharraingt amach, agus ceapaimse gurb é sin an rud is fearr atá i gceist leis an gcineál seo oibre.” Anna Spearman, Ealaíontóir
 
An Próiseas
 
I dtús an tionscadail, tugadh cuairt ar An Grianán i gContae Lú, arb é coláiste oideachais aosach Bhantracht na Tuaithe (ICA) é. Leagadh béim sa chuairt ar an ról lárnach a d’imir ICA ar son leictriú na tuaithe. Agus iad ar An Grianán, rinne na rannpháirtithe iniúchadh ar an ábhar taighde ábhartha atá le fáil ann agus chomhroinn siad a gcuid eispéireas agus cuimhní féin. Foinse spreagtha eile ba ea na míreanna i mbailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.
 
Ina dhiaidh sin, reáchtáladh sraith ceardlann in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe. Ina measc sin bhí ceardlann athchuimhne agus ceardlann scagphriontála. Thaifead na rannpháirtithe a n-eispéiris i saol na tuaithe roimh leictriú na tuaithe agus ina dhiaidh in irisleabhair phearsanta amhairc, a bhí ar an mbonn le píosaí ealaíne teicstíle 2T agus 3T. Taispeánadh é mar chuid d’Fhéile na Bealtaine 2019 agus de thaispeántas Chumhacht na Cistine.
 
“Thaitin sé go mór liom an tionscadal a dhéanamh le Anna. Thug mé faoin tionscadal go díograiseach agus ghlac mé páirt sa chuid is mó de. Thaitin sé go mór liom.”
Maura McGuinness, Rannpháirtí
 
Pacáiste Ceirde Teicstíle
 
Chuir na rannpháirtithe ceithre phacáiste ceirde ‘Déan Féin É’ le chéile freisin. I ngach pacáiste, tugtar píosa teicstíle a ndearna duine den ghrúpa é agus áirítear leis ‘patrún’ scagphriontáilte (píosa cadáis ag a bhfuil imlíne phriontáilte den íomhá), píosaí éagsúla fabraice agus snáitheanna is féidir a úsáid chun leagan pearsantaithe den phíosa teicstíle sin a dhéanamh, agus sraith treoracha (teicnící bunúsacha fuála agus moltaí). Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bpacáiste ceirde teicstíle, cliceáil anseo:
 
Obair le Pobail
 
Tá an tionscadal Teicstílí Tithe Leictreacha Éireannacha ina léiriú ar an aidhm atá againn an Músaem a oscailt mar spás inar féidir le daoine a gcuid scéalta agus léirithe ar na míreanna atá ar taispeáint a chomhroinnt. Cabhraíonn na tionscadail sin le grúpaí eolas a fháil ar dhaoine nua, smaointe nua a cheapadh agus dáimh níos doimhne a ghnóthú le bailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann.
 
Cuid dhílis eile den tionscadal seo ba ea comhoibriú, áit ar tháinig an t-ealaíontóir agus pobail le chéile le hoideoir an Mhúsaeim chun téamaí agus taispeántas a chur le chéile. Bhí ról tábhachtach le himirt ag an bpobal san ábhar don taispeántas seo a chruthú agus a choimeád i gcomhar leis an ealaíontóir. Tá an modh daonlathach oibre sin ag teacht leis an gcur chuige a chuireann an Rannóg Oideachais chun cinn agus í ag obair le grúpaí agus le pobail ar thaispeántais a dhearadh agus a fhorbairt.

https://www.ouririshheritage.org/content/category/archive/topics/electric-irish-homes-textile-project


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions