Scipeáil chuig ábhar

Clár fiús agus méadar leictreachais BSL, 1954

Clár fiús agus méadar leictreachais BSL, 1954, ar iasacht ó Bernard O’Connell. Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Bhí imní faoi leith ar a lán daoine faoin tuath in Éirinn faoi chostas an leictreachais, toisc gur chuir sé bille eile ar ioncaim ísle agus fiú ar ioncaim feirmeacha beaga. Bhí bille BSL roinnte ina dhá chuid – an buanmhuirear agus ansin ráta bunaithe ar úsáid an mhí roimhe sin. Dhéanfadh foireann BLS an méadar a léamh ar bhonn rialta, ansin íoctaí an bille san oifig BLS is gaire.
 
Éist le Kathleen McQuillan ag labhairt faoin méadar leictreachais bheith á léamh agus billí a íoc sa cheantar tuaithe i gCo. Mhuineacháin:
Agallamh á chur ag Geraldine O’Connor ar Kathleen McQuillan i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin, Feabhra 2017

 
Dhéantaí an méadar leictreachais a shuiteáil taobh istigh den doras tosaigh de ghnáth, agus bheití ag faire air go cúramach chun méid an bhille a rialú. Chuir BLS an méadar agus an clár fiús ar fáil, ach bhí a lán den sreangú inmheánach faoi fhreagracht an úinéara tí. Mar gheall ar ghanntanas leictrithe oilte níos luaithe ba iad amaitéaraigh nó ceardaithe neamhoilte a dhéanfadh na suiteálacha in go leor tithe, rud nár chuidigh leis an imní faoi thinte leictreacha.
 
Éist le Una Carty ag labhairt faoina teach a shreangú le haghaidh leictreachais den chéad uair:
Agallamh á chur ag Alison Mac Cormaic ar Una Carty i mBaile Locha Riach, Contae Gaillimh, mí na Samhna 2017
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions