Scipeáil chuig ábhar

Caibinéad triomaithe Flatley, deireadh na 1960í

Caibinéad triomaithe Flatley, deireadh na 1960í. Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Ghlac sé tamall fada sula ndearnadh leaganacha amach cistineacha traidisiúnta a athrú i rith na 1950í agus na 1960í, agus bhí an sorn gáis fós ag dul go maith agus níor éirigh cistineacha feistithe forleathan go dtí na 1970í. Le teacht an fhruilcheannaigh ó BLS agus na siopaí ilrannacha bhí mná ábalta meaisíní níocháin agus cuisneoirí saorsheasaimh a cheannach ar rátaí inacmhainne. Dhéantaí fearais níos mó, amhail triomadóir Flatley, a cheannach corruair mar bhronntanas nó le hoidhreacht, ó dhaoine muinteartha mná níos sine de ghnáth.
 
Ba é Andrew James Flatley a cheap caibinéad triomaithe Flatley, agus bhí siad á monarú i Manchain go dtí 1960, nuair a bhog an táirgeadh go Beanntraí i gContae Chorcaí. Caibinéad miotail a bhí ann ina raibh foireann slat adhmaid inaistrithe, agus eilimint téimh leictrigh ag an mbun, clúdaithe le líontán sreinge de ghnáth. D’fhéadtaí earraí beaga níocháin amhail clúidíní agus éadaí páistí, a chrochadh ar na slata sin. Bhítí ábalta an caibinéad a phlugáil isteach ansin agus na héadaí a thriomú i méid seasta ama, nár bhrath ar an aimsir nár bhféidir brath air in Éirinn.
 
Éist le Mary Ann Egan ag labhairt faoin difear a rinne triomadóir Flatley a fuair sí mar bhronntanas dá gnáthshaol laethúil agus ceithre pháistí óga ag caitheamh clúidíní aici:
Agallamh á chur ag Lynda Dunne ar Mary Ann Egan i mBaile Átha Luain, Deireadh Fómhair 2017
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions