Scipeáil chuig ábhar

Siompóisiam ar líne Chumhacht na Cistine: Cosúlachtaí Náisiúnta

Siompóisiam idirnáisiúnta ar líne a cuireadh ar siúl an 16 agus an 17 Meán Fómhair 2020 ba ea Cumhacht na Cistine: Cosúlachtaí Náisiúnta. Iniúchadh ann na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir cistineacha nua-aimseartha lár na haoise i dtíortha difriúla, lena n-áirítear Éire, an Spáinn, Críoch Lochlann, Ceanada agus an Chóiré Theas.

I dtaispeántas Chumhacht na Cistine in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i gContae Mhaigh Eo, Éire, iniúchtar an stíl bheatha a gealladh agus fírinne leictriú na tuaithe agus an difear a rinne sé do shaol mhná na hÉireann. Leis an siompóisiam, tugadh le chéile rogha acadóirí idirnáisiúnta i stair an dearaidh, na hailtireachta agus na teicneolaíochta chun a iniúchadh conas a tháinig saincheisteanna maidir le saol an teaghlaigh, le hinscne agus leis an teicneolaíocht chun cinn i raon leathan comhthéacsanna náisiúnta. Iniúchtar sna páipéir cineál inscneach an dearaidh chistine, an dóigh a ndearnadh fearais chistine a úsáid agus a chur chun cinn, an tionchar a bhí ag cláir um leictriú na tuaithe, an ról a bhí ag eagraíochtaí ban, agus na dóigheanna difriúla ar cuireadh smaointe idirnáisiúnta faoi ‘thithe nua-aimseartha’ chun feidhme.

Ba í an Dr Sorcha O’Brien (NCAD), comhchoimeádaí thaispeántas Chumhacht na Cistine, a thionóil an siompóisiam. Reáchtáil Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus NCAD an siompóisiam i gcomhpháirt, le tacaíocht ó Dheontas Ócáide Fíorúla ón gCumann Staire Dearaidh. D’fhorbair an Músaem taispeántas Chumhacht na Cistine i gcomhpháirt le hOllscoil Kingston agus leis an gComhairle Taighde Ealaíon agus Daonnachtaí, le tacaíocht ó Bhord Soláthair an Leictreachais, ón Irish Farmers Journal, ó Aois agus Deis agus ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Leitir Fraic.

 
Seisiún 1: Cumhacht na Cistine: An Nua-aimsearthacht agus Saol an Teaghlaigh in Éirinn agus sa Chóiré
Cathaoirleach: Noel Campbell (Ard-Mhúsaem na hÉireann)
Cainteoir: An Dr Sorcha O’Brien (NCAD)
Cainteoir: An Dr Yunah Lee (Ollscoil Brighton)



Seisiún 2: Cumhacht na Cistine: Saol an Teaghlaigh agus an Dearadh sa Bheilg agus i gCríoch Lochlann
Cathaoirleach: An tOllamh Jane Pavitt (Ollscoil Kingston)
Cainteoir: An Dr Fredie Floré (KU Leuven)
Cainteoir: Maria Göransdotter (Institiúid Dearaidh Umeå)


 

Seisiún 3:  Cumhacht na Cistine: An Eolaíocht agus an Nua-aimsearthacht sa Ghearmáin Thiar agus sna Stáit Aontaithe
Cathaoirleach: An tOllamh David Crowley (NCAD)
Cainteoir: An Dr. Sophie Gerber (Technisches Museum Wien)
Cainteoir: An tOllamh Barbara Penner (Scoil Ailtireachta Bartlett)




Seisiún 4: Cumhacht na Cistine: Mná agus Oideachas i gCeanada agus sa Spáinn
Cathaoirleach: An tOllamh Penny Sparke (Ollscoil Kingston)
Cainteoir: An Dr Ana María Fernández García (Universidad de Oviedo)
Cainteoir: An tOllamh Ruth Sandwell (Ollscoil Toronto)



Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions