Scipeáil chuig ábhar

Folúsghlantóir sorcóra Hoover, deireadh na 1960í

Folúsghlantóir sorcóra Hoover, deireadh na 1960í Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Bhí fearais ar nós folúsghlantóirí fós neamhchoitianta agus costasach i gceantair thuaithe na hÉireann go dtí deireadh na 1960í. Thosaigh múnlaí sorcóra ag teacht in ionad na bhfolúsghlantóirí ingearacha mar go bhféadfadh an t-osán dul níos faide isteach faoin troscán agus bhí rogha soc ag gabháil leis le haghaidh tascanna speisialaithe amhail na cuirtíní agus coirnéil a fholúsghlanadh.
 
Branda Meiriceánach ba é Hoover a bunaíodh sna 1910í, agus b’fhearr aithne air as an mbuafhocal ‘Buaileann sé, scuabann sé agus é ag glanadh’ (‘It beats as it sweeps as it cleans’.) D’oscail sé fochuideachta de chuid na Breataine sna 1930í, a dhíol réimse dearaí nuálacha folúsghlantóirí isteach i margaí na Breataine agus na hÉireann. Chiallaigh tóir an bhranda go bhfuil an téarma ‘hoover’ ar comhchiall le folúsghlantóirí in Éirinn agus sa Bhreatain araon.
 
Bhí folúsghlantóir Hoover 427 ar fáil i réimse dathanna geala, lena n-áirítear mustard agus gorm, agus táirgeadh é go dtí tús na 1980í. Sampla den dearadh láidir, bhronn an Dr Lydia Foy an sampla seo ar Ard-Mhúsaem na hÉireann i dtús na 2000í.
 
Éist le Catherine Marshall ag labhairt faoi fholúsghlanadh sna 1960í:
Agallamh á chur ag Sorcha O’Brien ar Catherine Marshall i mBaile Átha Cliath, mí na Samhna 2017
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions