Scipeáil chuig ábhar

Iarann Morphy Richards Atlantic, deireadh na 1950idí

Iarann Morphy Richards Atlantic, deireadh na 1950idí, ar iasacht ó Tom Spalding. Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Ba é an t-iarann an fearas ba mhóir tóra in Éirinn i rith na 1950í agus na 1960í, mar gheall, i bpáirt, go raibh sé inacmhainne agus go raibh sé níos b’fhusa tasc crua a dhéanamh leis.
 
Téann iarann Morphy Richards Atlantic a raibh dath an tsabhaircín air siar go dtí na 1950í, nuair a tosaíodh ag dearadh fearas i raon dathanna deasa do thomhaltóirí, agus i gcróm lonrach chomh maith. Bhí an múnla faoi leith seo ar fáil i gcruan bánghlas, bánghorm agus éadrom dearg, ionas go bhféadtaí é a chur leis na scéimeanna datha intí. Ní raibh sé ach 2 ¾ lb ar meáchan, rud a laghdaigh an méid bealaidh a bhíodh le cur faoin éadaí a smúdáil, i gcomparáid le múnlaí níos sine. Bhí diail air chun an teocht a rialú agus bhí hanla air a chuirfeá do lámh isteach ann.
 
Branda fearais tí de chuid na Breataine a bhí in Morphy Richards a thosaigh sna 1930í agus bhí siad aitheanta as a gcur chun cinn teicniúil. B’fhearais bheaga a dhéanfadh siad den chuid ba mhó amhail iarainn, citil, agus triomadóirí gruaige i monarchana in Kent agus Dundee. I ndiaidh sraith cumasc agus ceannachán idir deireadh na 1960í agus na 1980í, is leis an gcuideachta Éireannach Glen Dimplex an branda anois.
 
Éist le Brenda McDonald ag labhairt faoin am ar cheannaigh a tuismitheoirí a chéad iarann leictreach i bPort Láirge:
Agallamh á chur ag Eleanor Calnan ar Brenda McDonald sa Ghrianán, Contae Lú, Aibreán 2018
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions