Scipeáil chuig ábhar

Cócaireán 3 fháinne Revo R44, 1956

Cócaireán 3 fháinne Revo R44, 1956, Ar iasacht ó Bernard O’Connell Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Bhí an-tóir ar an gcócaireán leictreach sna 1950í agus sna 1960í in Éirinn, in ainneoin na hiomaíochta ó chócaireán gháis chomh maith le soirn thraidisiúnta agus tinte oscailte araon. Bhí siad déanta as miotal cruanta agus go dtí deireadh na 1950í bhí tionchar mór ag cineálacha eile píosaí troscáin orthu, amhail na leaganacha fillte de chosa caibreoil.
 
Tá dhá fháinne agus pláta téimh ag barr an chócaireáin seo, agus tá cruan bánbhuí ar an ngríoscán agus ar an oigheann. Tá an steallchosaint chruanta cosanta ag an mballa ar chúl, agus bhí teocht gach fáinne, an ghríoscáin agus an oighinn rialaithe ina n-aonar ag na cnaipí ar dheis. Ba bhuntáiste iontach é an cumas seo an teocht a rialú, go háirithe faoi choinne bácála.
 
Thug Bernard O’Connell cócaireán seo ar iasacht don taispeántas, agus ceannaíodh é ag Seó Earraigh 1956 an RDS i mBaile Átha Cliath, áit ina raibh seastán ag BSL.
 
Éist le Noreen Brady ag labhairt faoin am a ghearr a máthair na cosa den phota bácúis traidisiúnta, ionas go mbeadh sí ábalta é a chur isteach ina hoigheann leictreach úr.
Agallamh á chur ag Geraldine O’Connor ar Noreen Brady i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin, Feabhra 2017
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions