Scipeáil chuig ábhar

Inneall níocháin dhá thobán Servis Supertwin, lár na 1960í

Inneall níocháin dhá thobán Servis Supertwin, lár na 1960í, ar iasacht ó Bernard O’Connell Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Le leictriú tuaithe bhíothas ábalta pumpaí leictreacha a shuiteáil chun uisce reatha a sholáthar i dtithe lasmuigh de na ceantair bhardasacha. Dhéantaí iad a eagrú trí ghrúpscéimeanna beaga áitiúla.
 
D’fhéadfaí meaisíní níocháin a úsáid ansin le huisce píopaí sa chistin, rud a rinne laghdú mór ar an sclábhaíocht a bhain le lá an níocháin. Chaití meaisíní níocháin níos sine a bhogadh go dtí lár urlár na cistine chun iad a líonadh agus a fholmhú trí phíopaí a bhíodh ceangailte leis an doirteal.
 
Tháinig an meaisín níocháin dhá thobán, a bhí ábalta éadaí a ní agus a chastriomú, in ionad an mheaisín níocháin aon tobán i dtús na 1960í. Measadh go raibh sé ar bharr an dul chun cinn, toisc go raibh uaineadóirí uathoibríocha ar mhúnlaí cosúil leis an Servis Supertwin seo le haghaidh ciogail níocháin agus chasaidh araon. Rinneadh an Supertwin seo ina bpríomh-mhonarcha in Staffordshire i Sasana, ach bhí monarcha ag Servis sa Halla Bán i mBaile Átha Cliath chomh maith.
 
Éist le Rose MacHugh ag labhairt faoi sceitimíní a tuismitheoirí agus iad ag ceannach meaisín níocháin dhá thobán Servis, an chéad cheann ina gceantar:
Agallamh á chur ag Eleanor Calnan ar Rose MacHugh sa Ghrianán, Contae Lú, Aibreán 2018
   

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions