Scipeáil chuig ábhar

Cistin athchóirithe i Leitir Fraic

An taobh istigh de chistineacha úra BSL/ICA, Durlas, Contae Tiobraid Árann, Irish Independent, Feabhra 1958 Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL agus Irish Independent
 
Sholáthair Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) líon cistineacha agus tithe samplacha le linn na 1950í agus 1960í, mar chuid dá n-iarrachtaí leictriú tuaithe a chur chun cinn i measc mhná na hÉireann. Chuir siad táirgí leictreacha tí ar taispeáint, ach thaispeáint siad leagan amach réasúnach cistine feistithe nua-aimseartha chomh maith.
 
In 1956, chomhoibrigh BSL le Bantracht na Tíre (ICA), an Roinn Talmhaíochta agus Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann chun cistin feirme a dhearadh agus a léiriú i Seó Earraigh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS). Ba í an t-ailtire Eleanor Butler a dhear í agus bhí fearais agus ábhair nua-aimseartha comhcheangailte le leagan amach traidisiúnta inti, lena n-áirítear cistin, cúlchistin agus seomra suí. Nuair a dúnadh an taispeántas, suiteáladh an chistin i veain shoghluaiste agus tugadh ar camchuairt í ar fud na tíre ar feadh cúig bliana.
 
An chistin shamplach athchóirithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Iúil 2019. Íomhá: A bhuíochas do Joseph O’Brien
 
Ba é Phillip Carey, mac léinn na bliana deiridh i BSc (Hons) i nDearadh agus Déantúsaíocht Troscáin ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, campas Leitir Fraic a thóg atógáil chuid na cistine don taispeántas Kitchen Power.
 
Ba mhaith le hArd-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe buíochas a ghabháil le Phillip Carey, Paul Leamy, an Dr Marion McGarry, Dermot O’Donovan agus an Dr Susan Rogers, GMIT Leitir Fraic.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions