Scipeáil chuig ábhar

Naprún, sais agus trófaí i gCraobhchomórtas Bácála Aráin BSL/GEC, 1968

Naprún, sais agus trófaí i gCraobhchomórtas Bácála Aráin BSL/GEC, ar iasacht ó Mary Lyons, 1968. Íomhá: Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
Mar chuid dá n-iarrachtaí cócaráil le leictreachas a chur chun cinn, d’oibrigh BSL leis an déantóir fearas GEC chun an Craobhchomórtas Náisiúnta bliantúil Bácála Aráin a urrú. Bhí catagóirí ann do mhná fásta, a bhíodh ar siúl ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mí Dheireadh Fómhair gach bliain, agus do chailíní scoile, a bhíodh ar siúl i mí na Nollag i suíomhanna amhail Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath.
 
Bhí ról mór ag an gcomórtas maidir le bácáil bhaile in oigheann leictreach a chur chun cinn, ach dearcadh faoi leith ar bhanúlacht bhaile a chur chun cinn chomh maith – ní bhíodh cead ag fir nó buachaillí páirt a ghlacadh ann, cé go mbíodh siad i measc na moltóirí go minic. Bhí páirt mhór ag taispeántóirí BSL i reáchtáil an chomórtais, ag déanadh moltóireachta ar chomórtais áitiúla chomh maith leis na hiomaitheoirí a eagrú ar an lán.
 
Iomaitheoirí agus cór le Edmund Browne ar an stáitse ag an gCraobhchomórtas Náisiúnta le haghaidh Chraobhchomórtas Bácála Aráin Scoileanna BSL/GEC, Baile Átha Cliath, 1968. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
Mary Lyons ag glacadh páirt i gcomórtas na scoileanna in 1968, ag déanamh ionadaíochta do Mhaigh Eo, agus an comórtas buaite aici an mhí roimhe sin. Chomh maith le Sciath Seaimpín Contae, fuair gach iomaitheoir triomadóir gruaige AEG agus leabhar cócaireachta mar dhuaiseanna. Dhéantaí an t-arán a mheascadh ar chúl an stáitse roimh ré, agus dhéantaí é a chócaráil ansin in oigheann Eastát 4 GEC ar an stáitse, agus chuirtí siamsaíocht ar siúl don lucht féachana/éisteachta le seó gairid ilsiamsa. Fuair an buaiteoir Margaret Shanley as Longfort, duais airgid thirim £100 agus buantrófaí sciatha.
 
Éist le Mary Lyons ag labhairt faoi pháirt a ghlacadh sa chomórtas i gcomórtas Comórtas Bácála Aráin Scoileanna BSL/GEC 1968:
Agallamh á chur ag Sorcha O’Brien ar Mary Lyons i mBaile Átha Cliath, Aibreán 2018  
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions