Scipeáil chuig ábhar

Taispeántóirí BSL, deireadh na 1950í agus na 1960í

Taispeántóir BSL ag cócaráil ar chócaireán GEC i seomra taispeántais BSL, Cnoc Mhuirfean, Contae Bhaile Átha Cliath, 1955. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
Bhí ról tábhachtach ag bantaispeántóirí leictreacha maidir leis an mistéir a bhaint as fearais leictreachais agus leictreacha do mhná na tuaithe.
 
D’oibrigh taispeántóirí BSL le mná áitiúla ar fud na tíre. Thug siad cuairt ar mhná a raibh fearais mhóra ceannaithe acu le déanaí, ag taispeáint dóibh conas a d’oibrigh siad, iad ag obair go minic le bean an tí chun baisc scónaí a bhácáil in oigheann úr lena thaispeáint cad a thiocfaí a dhéanamh leis. Thionóil siad taispeántais phoiblí chócaireachta agus níocháin ar fud na tíre agus ag imeachtaí agus ag seónna chomh maith, amhail Seó Earraigh an RDS, Seó Capall an RDS agus Seó Talmhaíochta Chorcaí.
 
Éist le Esther ag labhairt faoi fhreastal ar thaispeántas BSL sa Scairbh, Contae an Chláir:
Agallamh á chur ag Alison Mac Cormaic ar Esther i nGort, Contae Gaillimh, mí na Samhna 2017
 

Taispeántóirí BSL ag Seó Capall an RDS, agus iad ag caitheamh na héide línéadaí turcaide a dhear Elizabeth James as Corcaigh in 1966. Irisleabhar Prospect, Meán Fómhair 1966. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
Mheastaí go raibh cuma néata an-tábhachtach, agus chaithfeadh na taispeántóirí níos luaithe cótaí dubha agus bána ag imeachtaí agus seónna. Ó na 1950í ar aghaidh chaithfeadh siad éidí a dearadh go speisialta i línéadach nó bréidín Éireannach. Bhí na héidí gúna agus seaicéid saincheaptha sin coimisiúnaithe ag dearthóirí Éireannacha ar nós Nicholas O’Dwyer, Rosemary Smith agus Elizabeth James.
 
Bhí cáilíochtaí tríú leibhéal ag formhór na dtaispeántóirí in eolaíocht bhaile nó i mbainistíocht institiúideach, agus fuair siad tuilleadh oiliúna ó BSL faoi leictreachas agus na fearais a bhí á gcur chun cinn acu. Chiallaigh sé sin go raibh ban-saineolaithe teicniúla ann, rud a bhí neamhchoitianta ag an am, agus bhíodh sé níos éasca do mhná eile ceisteanna a chur orthu faoi chúrsaí teicneolaíochta.
 
Mar gheall ar an mbac pósta, d’fhág a lán taispeántóirí BSL i ndeireadh a bhfichidí, ag dul ar aghaidh chuig gairmeacha idir fháilteachas agus obair dhaonnúil, chomh maith lena dteaghlaigh a thógáil.
 
 
Éist le Ciunas Bunworth, Taispeántóir BSL atá éirithe as, ag labhairt faoi ról thaispeántóirí BSL maidir le muinín a chothú i measc na mban faoin teicneolaíocht tí:
Agallamh á chur ag Sorcha O’Brien ar Ciunas Bunworth i mBaile Átha Cliath, Márta 2017  
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions