Scipeáil chuig ábhar

Cistin taispeántais ICA, An Grianán, 1963

Cistin taispeántais ICA ag An Grianán, Tearmann Feichín, Contae Lú, ICA News Quarterly, Fómhar 1963. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL agus Bantracht na Tíre
 
Bhí tacaíocht láidir ag BSL ó ghairm-eagraíochtaí tuaithe amhail Bantracht na Tíre (ICA) maidir le leictriú tuaithe a chur chun cinn.
 
Eagraíocht is ea an ICA atá tiomanta d’fheabhas a chur ar shaol na mban i gceantair thuaithe. D’oibrigh cuallachtaí an ICA go dlúth le taispeántóirí BSL, ag tionól taispeántas agus cainteanna faoin leictreachas dá mbaill. Spreag an ICA go ndéanfaí uisce reatha a shuiteáil ar fheirmeacha chomh maith, agus chuir siad an smaoineamh chun cinn nár cheart do mhná óga feirmeoir a phósadh ach amháin dá ngeallfadh sé leictreachas agus uisce reatha a chur ina theach feirme.
 
Éist le Mamo McDonald, iar-Uachtarán ar an ICA, ag labhairt faoina heispéireas san ICA mar bhean óg:
Agallamh á chur ag Geraldine O’Connor ar Mamo McDonald i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin, Feabhra 2017
 

Tionóladh cúrsaí oiliúna san eolaíocht bhaile agus i dtíos ag An Grianán, coláiste oideachais do dhaoine fásta de chuid an ICA i dTearmann Feichín, Contae Lú. Cúrsaí ab ea iad sin a mhairfeadh seachtain amháin do bhaill agus sé seachtaine do mhná óga. Bhí na cúrsaí sé seachtaine urraithe ag BSL agus earcaíodh iad trí Mhacra na Feirme.
 
Éist le Connie McEvoy ag cur síos ar a heispéireas ar chúrsa eolaíochta baile sé seachtaine ag An Grianán ag deireadh na 1950í.
Agallamh á chur ag Sorcha O’Brien ar Connie McEvoy i dTearmann Feichín, Contae Lú, Eanáir 2017
 

Dearadh an chistin taispeántais sa Ghrianán chun an teicneolaíocht nua-aimseartha is fearr a chur le gnéithe traidisiúnta. Bhí sí fearastaithe le fearais leictreacha ó BSL, agus bhí péint bhán agus píosaí oráiste uirthi, ach bhí teallach, binse suíocháin, agus seilfeanna ar nós cóiritheora, chomh maith le Crosóg Bhríde inti chomh maith.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions