Scipeáil chuig ábhar

Woman’s Way, Eanáir 1967

Clúdach an irisleabhair Woman’s Way, Eanáir 1967 Ar iasacht ó Brian McMahon, Brand New Retro. Íomhá: A bhuíochas do Brand New Retro/Woman’s Way/Ard-Mhúsaem na hÉireann
 
D’fhéach mná Éireannacha ar litríocht chomhairle chun cuidiú leo a saol agus a dteaghlaigh a eagrú. Soláthraíonn leabhair agus irisleabhair leideanna agus moltaí don bhean fhorásach, nó don bhean a bhfuil imní uirthi díreach. Áiríodh ar rólchuspaí ban mainicíní faisin agus cócairí mór le rá, a thacaigh leis an stíl bheatha leictreach go minic.
 
Éist le Mary Scanlon ag labhairt faoi irisleabhair do mhná a cheannach:
Agallamh á chur ag Eleanor Calnan ar Mary Scanlon sa Ghrianán, Contae Lú, Aibreán 2018
 

Chomh maith le hirisleabhair de chuid na Breataine amhail Frankly Feminine agus Woman’s Illustrated thosaigh irisleabhair Éireannacha amhail Woman’s Way ag teacht isteach sna 1960í. Bhíodh comhairle bhaile agus comhairle phearsanta araon sna hirisleabhair sin, chomh maith le treoracha maidir le cad iad na fearais leictreacha ba cheart a cheannach agus oidis a n-úsáidtí cócaireáin leictreacha agus cuisneoirí dóibh. Dhéanfaí iad a léamh chomh maith mar gheall ar na scéalta agus na patrúin cheardaíochta a bhíodh iontu, agus thugtaí ar iasacht iad i measc grúpaí cairde go minic.
 
Éist le Bridie McGinty ag labhairt faoi Women’s Illustrated a léamh mar chailín i gCiarraí:
Agallamh á chur ag Mary O’Reilly ar Bridie McGinty i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, mí na Nollag 2016

  

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions