Scipeáil chuig ábhar

Ár bhFoireann

Clodagh Doyle

Coimeádaí, Rannán Shaol na Tuaithe

Tá Clodagh Doyle ag obair le Bailiúchán Shaol na nDaoine d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ó bhí 1995 ann, agus tá sí ag obair anois i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, an ceathrú músaem de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Tá céim aici sa Bhéaloideas agus sa tSeandálaíocht agus rinne sí tráchtas Máistreacha ar Throscán Traidisiúnta Teallaigh.
Is í an coimeádaí is faide seirbhíse í agus bhí cúram uirthi le linn a gairmré as na bailiúcháin seo a leanas: Nósanna Féilire, Reiligiún, Spórt & Caitheamh Aimsire, An Óige, Teicstílí, Ceirmeacht & Gloine.
D’oibrigh sí i láithreacha an Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath agus ar na taispeántais tionscnaimh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.  Bhí ról lárnach aige i mbunú, forbairt agus cóiriú Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus in aistriú Bhailiúchán Shaol na nDaoine go dtí an stóras agus na gailearaithe nua i gCo. Mhaigh Eo in 2001.
Rinne sí coimeádaíocht ar na buantaispeántais ghailearaí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus ar os cionn tríocha taispeántas shealadacha; tugadh dhá cheann díobh – ‘Down Memory Lane’ (Síos Bóithrín na Smaointe) agus ‘Hair Hurling Balls’ – ar camchuairt ar fud na hÉireann. 
Ceapadh Clodagh a chuireann spéis ar leith sa bhéaloideas, san eitneolaíocht, i ndéantáin agus sa Mhúsaem, ina coimeádaí ar Rannán Shaol na nDaoine in 2020.

Noel Campbell

Coimeádaí

Coimeádaí Cúnta Grád 1. Thosaigh Noel Campbell ag obair in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe in 2001. Is iarchéimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus COBÁC é agus tá céim aige sa stair agus sa seandálaíocht. Is é údar A History of Castlebar: Municipal Government 1613-2014 (2014). Tá Noel freagrach as Bailiúcháin na mBád, Iascaireachta, Sealgaireachta, Talmhaíochta agus Iompair de Thalamh.
 

Rosa Meehan

Coimeádaí

Coiméadaí Cúnta Grád II. Thosaigh Rosa Meehan i Rannán Shaol Tuaithe na hÉireann in 2002 ag tabhairt léi cur chuige idirdhisciplíneach maidir le coimeádaíocht a dhéanamh ar chultúr ábhair an ghnáthshaoil laethúil agus nósanna an bhailiúcháin.   Rinne Rosa staidéar ar Stair na hÉireann agus ar Leabharlannaíocht ag an gColáiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath agus seandálaíocht ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is í údar The Story of Mayo, arna fhoilsiú ag Comhairle Contae Mhaigh Eo in 2002. Tá sí freagrach as Troscán Tuaithe na hÉireann agus an bailiúchán ailtireachta dúchasaí mar aon le ceird agus ceardaíocht. Baineann a taighde reatha le Bailiúchán Throscán Tuaithe na hÉireann.

Liam Doherty

Oifigeach Cléireach

M.A. sa Stair. Le hArd-Mhúsaem na hÉireann ó bhí 2001 ann.
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions