Scipeáil chuig ábhar

Maidir leis an mBailiúchán

Tá bailiúcháin, cartlanna agus taispeántais Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann ar fáil den chuid is mó in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht. Tá ochtar foirne sa Rannóg seo, Coimeádaí, cúigear Coimeádaithe Cúnta, Cúntóir Teicniúil Sinsearach agus Oifigeach Cléireachais.

Bailiúchán Seandálaíochta na hÉireann

Tá an bailiúchán seandálaíochta ina phríomhstór de dhéantáin ársa Éireannacha agus ina fhoinse riachtanach do thaighdeoirí maidir le forbairt shibhialtacht na hÉireann ó réanna réamhstairiúla go dtí deireadh na Meánaoiseanna i leith. Téann an tréimhse atá clúdaithe ag na taispeántais ón ré Mhéisiliteach go dtí deireadh na tréimhse meánaoisí, agus cuimsíonn sé taiscí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu amhail Cailís Ardach, Dealg na 'Teamhrach' agus Taisce Dhoire na bhFlann.
Bunaithe ar na croí-bhailiúcháin a thiomsaíodh Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus Acadamh Ríoga na hÉireann go déanach sa 18ú haois agus sa 19ú haois, tá fás as éadan tagtha ar na bailiúcháin le céad bliain anuas agus anois tá breis is dhá mhiliún réad ar fáil. Tá an bailiúchán suntasach ó thaobh méid, éagsúlachta agus caighdeáin de, agus tá stádas bainte amach go hidirnáisiúnta ag roinnt de na limistéir. Sin iad na bailiúcháin réamhstairiúla óir; an mhiotalóireacht eaglasta agus ornáidí pearsanta thréimhse na Luath-Mheánaoise; agus cóimeáil Lochlannach Bhaile Átha Cliath.
Soláthraíonn an reachtaíocht creat oibríochta d’obair Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann agus is ráiteas í freisin maidir le polasaí poiblí ina leith. Tá réada seandálaíochta a aimsítear in Éirinn inéilithe mar mhaoin stáit faoi théarmaí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 2004. Tá an croí-bhailiúchán ag fás as éadan fós, mar thoradh ar réada a aimsítear de thaisme agus tochailt seandálaíochta ar an mórchóir araon.
Tá dualgas ar aimsitheoirí na réada seandálaíochta a aimsíonn siad a thuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann (nó do Mhúsaem Contae Ainmnithe).*D’fhéadfadh sé go n-íocfaí gradam lánroghnach aimsitheora maidir le réada a aimsítear. Rialaítear cuardach ar réada seandálaíochta le brathadóirí miotail, nó iad a thochailt, trí cheadúnas. Téann seandálaithe an Ard-Mhúsaeim i mbun tochailte nó obair allamuigh go tráthrialta chun eolas comhthéacsúil a fháil faoi na réada nua a aimsítear agus a thuairiscíonn daoine sa phobal.

Bailiúcháin eachtrannacha

Bainistíonn Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann bailiúcháin shuntasacha maidir le réada Eitneagrafacha, Clasaiceacha agus Éigipteacha mar aon le bailiúchán beag de sheaniarsmaí Eorpacha.

Bailiúcháin Seandálaíochta Eorpacha

Tá bailiúchán cuibheasach beag ag Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann de sheaniarsmaí de chuid na Breataine agus na hEorpa, ar ceannaíodh iad chun críocha comparáide den chuid is mó.

Bailiúcháin Chlasaiceacha agus Éigipteacha

Cuimsíonn Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann bailiúcháin bheaga d’ábhar Clasaiceach agus Éigipteach ó sheanré na Meánmhara. Tá bailiúchán beag, ach éagsúil, agus ionadaíoch de 1,000 seaniarsma Rómhánacha, a chlúdaíonn gach tréimhse agus gach cearn den impireacht. Tá tuairim is 600 réad ar fáil sa bhailiúchán Gréagach, vásaí den chuid is mó, agus tá tuairim is 400 seaniarsma Chipireacha, réada ceirmeacha agus gloine den chuid is mó ó thochailt i reiligí. Tá ábhar tochailte ar fáil sa bhailiúchán Éigipteach freisin a bhfuil tuairim is 3,000 réad ar fáil ann.

Bailiúcháin Eitneagrafacha

Baineann bailiúcháin Eitneagrafacha Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann leis an tréimhse idir 1760 agus 1914 agus léiríonn siad raon leathan cultúr. Tugann na bailiúcháin léargas ar thaiscéalaíocht na hÉireann ar an domhan ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann, mar aon lena ról laistigh d’Impireacht na Breataine. Tá ábhar ar fáil ón bPolainéis, ón Meilinéis, ón Micrinéis, ó Mheiricea Thuaidh agus Theas, ó Iarthar agus Deisceart na hAfraice agus ón Áise Theas agus Thoir.

* Seo a leanas na Músaeim Chontae: Músaem Chontae Lú, Dún Dealgan; Músaem Chontae Cheatharlach, Ceatharlach; Taiscí Phort Láirge, Port Láirge; Músaem Poiblí Chorcaí, Corcaigh; Músaem Chontae Chiarraí, Trá Lí; Músaem Chontae an Chláir, Inis, Músaem Luimnigh, Luimneach; Músaem Thiobraid Árann Theas, Cluain Meala; Músaem Chontae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn; Músaem Chontae an Chabháin, Baile Shéamais Dhuibh; Músaem Chontae Mhuineacháin, Muineachán.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions