Scipeáil chuig ábhar

Ór ón gCré-Umhaois Luath

Maisiúcháin fáinne scoilte óir

Faigh eolas faoi na réadá óir Éireannacha ba luaithe a rinneadh idir 2400 - 1800 BC, amhail dioscaí agus luanlaí

Tháinig na réada seo den Chré-Umhaois luath ón ór a fuarthas ó ghairbhéil abhann is dócha agus d'oibrítí é isteach i leatháin tanaí le cnagaíl.

Ba dhioscaí a bhí sna foirmeacha ba luaithe, d’fhaightí iad seo ina bpéirí comhoiriúnaithe uaireanta, le péire poill i ngar don lár i ngach ceann acu, agus ornáidí muiníl ar a dtugtaí luanlaí.

Tá na dioscaí maisithe le sraitheanna comhlárnacha poncanna, crosa, triantán agus fiarlán, agus tugann na poill le tuiscint go raibh siad ceangailte le ball éadaigh a caitheadh ar ócáidí speisialta.

Luanla Corránach

Is é an réad óir is tréithí den Chré-Umhaois Luath in Éirinn ná an luanla ar a bhfuil críocha láí-chruthacha socruithe go dronuilinneach le plána an chorráin.

Tá eolas againn ar níos mó ná 100 díobh seo ó Iarthar na hEorpa agus fuarthas breis is ochtó díobh in Éirinn.

Criadóireacht Eascra & Soithí Bia

Is fearainn de phatrúin shimplí gheoiméadracha a bhíonn sa mhaisiúchán greanta nó puinseáilte, a choinnítear ar na hadharca agus ar na ciumhaiseanna inmheánacha agus seachtracha de ghnáth.

Tá an maisiúchán seo inchurtha leis an maisiúchán a fhaightear ar chriadóireacht Eascra agus ar Shoithí Bia i bhfoirm Babhlaí, chomh maith leis an maisiúchán a fhaightear ar roinnt tuanna comhréidhe déanta de chóimhiotal copair agus ar chinn sleá eitleogacha.

Luanlaí Clasaiceacha, Neamhchríochnaithe agus Cúigeacha

Rangaíodh luanlaí i dtrí ghrúpa atá ainmnithe mar Chlasaiceach, Neamhchríochnaithe agus Cúigeach, agus d’fhéadfadh gur monaraíodh an cineál Cúigeach thar lear, ach gur bunaíodh é ar fhréamhshamhlacha Éireannac.

Ar na déantáin óir fhíor-luaithe eile de chuid na hÉireann tá péire fáinní cluaise i bhfoirm ciseáin, ar féidir, ar nós cuid de na dioscaí, iad a chur i gcomparáid le rudaí eile a fuarthas ó adhlacthaí Eascra eile sa Bhreatain. Tá eolas chomh maith ar roinnt bráisléad, biorán óir, bandaí maisithe óir agus plaiceanna.

Teicnící Nua

Timpeall an bhliain 1200 BC forbraíodh teicnící nua chun ór a shaothrú agus tháinig stíleanna nua ar an saol. Leanadh ag déanamh ornáidí as leathán óir, ar nós péire muincí dóide agus fáinní a úsáideadh mar ornáidí gruaige ón Doirín Buí, Co. Uíbh Fhailí.

Ach imeacht thábhachtach ab ea é nuair a tosaíodh ar bharraí óir, bíodh siad pléineáilte nó le féirí tuargainte, a úsáid. Dhéantaí raon ornáidí muiníl, fáinní cluaise, agus bráisléid il-ghruacha trí stiallacha tanaí de leatháin agus de bharraí óir a chasadh.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions