Scipeáil chuig ábhar

Ór ón gCré-Umhaois Dhéanach

Gold sleeve fasteners
Is ór den Chré-Umhaois Dhéanach é saothar óir a táirgeadh in Éirinn tar éis timpeall 850 RCh.

Tréimhse an-tairgiúil ab ea an Chré-Umhaois Dhéanach do tháirgeoirí óir Éireannacha. Bhí caighdeán an-ard scileanna a tháirg réimse leathan agus éagsúil de shaothar óir ar ardchaighdeán agus tá dhá phríomhchatagóir i gceist.

Féadfar comparáid a dhéanamh idir réada soladacha a teilgeadh nó a rinneadh as barraí agus tinní, cosúil le bráisléid, fáiscíní éadaigh agus fáinní muiníl, agus muincí nó scornáin, spóil chluaise agus dioscaí déanta as leathán óir.

Baineadh úsáidí éagsúla as sreang óir, go háirithe chun cineál ornáide gruaige a dhéanamh ar a dtugtaí dualfháinní.

D’úsáidtí scragall óir, ar a mbíodh an-chuid maisiúcháin uaireanta, chun réada déanta de mhiotail eile cosúil le copair, cré-umha nó luaidhe a chlúdach.

Úsáideadh teicnicí éagsúla chun móitífeanna difriúla maisiúla a tháirgeadh, lena n-áirítear cóiriú de phatrúin gheoiméadracha, ciorcail chomhlárnacha, bocóidí ardaithe, cruinneánacha, nó cónúla, agus patrúin téada agus thrasnánacha.

Taiscí Óir den Chré-Umhaois Dhéanach in Éirinn

Is nós tréitheach é den Chré-Umhaois Dhéanach in Éirinn go gcuirtí taiscí de réada sa talamh. Tá eolas ar roinnt taiscí d’ornáidí óir, agus i gcinn eile tá meascán de réada óir agus cré-umha agus uaireanta d’fhéadfadh muincí de choirníní ómra a bheith iontu.

Is cosúil ó na taiscí mórthaibhseacha a fuarthas i bportaigh gurbh áiteanna speisialta iad, dar le muintir na Cré-Umhaoise Déanaí.

Thángthas ar líon ollmhór de réada cré-umhaoise agus óir nuair a bhí móin á baint thar tréimhse 70 bliana i bPortach Chuillinn i gCo. Thiobraid Árann.

Fuarthas taisce mór d'ornáidí óir i dtalamh riascach gar do loch i Múchán Thuaidh, Co. an Chláir sa bhliain 1854 agus bhí breis is 150 réada ann, a bhí os cionn 11 phunt (5 chileagram) meáchain. (5kg). Sa taisce is bráisléid den chuid is mó a bhí ann ach ina measc freisin bhí sé mhuince óir agus dhá fháinne muiníl ar a laghad.

Samplaí d'Earraí Óir & a nÚsáidí

Ar na rudaí óir is drámatúla ón gCré-Umhaois Dhéanach tá scornáin mhóra, déanta as leathán óir den chuid is mó, a chaití ar an mbrollach.

I measc na nithe péacacha eile a chaití mar shuaitheantais stádais bhí na spóil mhóra cluaise a sháití isteach sna maotháin chluaise tar éis iad a pholladh agus a shíneadh d’aonghnó chuige sin.

Bhí fáinní neasfháinneacha ar a dtugtaí airgead fáinneach ann chomh maith agus d'fhéadfadh gurbh ornáidí iad seo do na cluasa nó don tsrón.

Tá aon cheann déag de sféir mhóra grádaithe le poill thaobhacha ó Thuaim Ná, Co. Ros Comáin a bhí ceangailte le chéile le sreangán tráth chun muince a dhéanamh, agus bhí bráisléid óir, pionnaí agus fáiscíní éadaí ann a bhíodh mar chuid de na hornáidí pearsanta a chaitheadh an lucht saibhir de shochaí na hÉireann le linn na Cré-Umhaoise Déanaí.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions