Scipeáil chuig ábhar

I ndiaidh na bhFarónna

Leigh faoin Éigipt Ársa ina riochta Tolamaesacha, Rómhánacha agus Luath-Chríostaí níos déanaí.


In 332 R.Ch. chuir Alastar Mór an Éigipt faoi smacht, a bhí mar chúige d’Impireacht na Peirse. Nuair a fuair Alastar bás, d’éirigh leis an nginearál Ptolemy bheith ina rialtóir ar an Éigipt, ag fógairt é féin mar rí in 305 R.Ch. Cúirt nua i gcathair Alastair a labhair Gréigis a bhí anois i gceannas na tíre. De réir a chéile sháraigh an cultúr Gréagach scríobh, éadaí agus seodra na bhfarónna.

Neartaíodh an t-athrú seo nuair a tháinig na Rómhánaigh i réim nuair a cuireadh Cléópátra faoi chois agus nuair a chuir sí lámh ina bás féin sa bhliain 30 R.Ch. Faoi cheann an tríú chéid A.D. bhí an saol san Éigipt ar aon dul nach mór leis an saol sna cúigí oirthearacha Rómhánacha eile.

Maireann an Mhumaíocht

I measc na dtraidisiún Farónacha is deireanaí a mhair ba ea na cleachtais sochraidí. Minic go leor ní dhéanadh balsamóirí in Éigipt na Rómhánach jab ró-iontach ar na corpáin mhumaithe ag díriú níos mó ar chuma na gclúdach. Sholáthair mír chinn idéalaithe íomhá shíoraí den duine marbh i stíl na bhfarónna nó i stíl na Meánmhara. I gceantar Fayum, chuirtí portráid sa stíl Rómhánach, péinteáilte ar adhmad, isteach sna clúdaigh ar roinnt mhaith mumaithe. Tá cuma an-réalaíoch ar chuid de na híomhánna seo.

An Éigipt Chríostaí Choptach

Faoin gceathrú haois AD d’iompaigh an Éigipt ina gCríostaithe. Tugadh Coptaigh ar Chríostaithe na hÉigipte, ón bhfocal Gréigise Aiguptios, is dócha, a chiallaíonn Éigipteach. D’fhan an Éigipt mar chúige d’Impireacht na Róimhe Thoir (Biosántach) go dtí gabháil na nArabach in 640 AD. Faoi rialú na nArabach d’iompaigh an chuid is mó den daonra ina nIoslámaigh agus tháinig an Araibis in áit theanga na hÉigipte. Faoin gcúigiú haois déag AD níor labhraíodh Éigiptis lasmuigh den Eaglais Choptach a thuilleadh agus cailleadh an nasc deiridh sin leis an seanré.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions