Scipeáil chuig ábhar

Déithe & Teampaill

Dealbh adhmaid Éigipteach

Faigh amach fain gcaoi inar eagraíodh reiligiún na hÉigipte fadó.


Bhí creideamh na nÉigipteach bunaithe ar Dhia na Gréine, Ra, foinse na beatha. Ag nóiméad na cruthaitheachta, roinneadh a fhoirm bhunaidh, Atum – ‘gach ábhar’, i gcodanna éagsúla na cruinne. Bhain na déithe agus na bandéithe le heilimintí leathana an domhain seo, mar shampla, Nut, bandia na spéire, nó le gaolmhaireachtaí laistigh de cosúil le bandia an leighis, Isis, Sekhmet, bandia na feirge, agus Határ, bandia an ghrá.

I ngach teampall bhíodh íomhá a bhí ina chorp domhanda le haghaidh spiorad an dé. Ba é an rí agus ardsagarat amháin a d'fhéadfadh dul isteach chuig an sanctóir.

Ní fhaca an chuid is mó d'Éigiptigh an íomhá chultais ach amháin ag féilte nuair a bheirtí í lasmuigh den teampall i mbáirse mionsamhlach.

Dúradh paidreacha agus rinneadh paidreacha mar ofrálacha móideacha ag imill an teampaill. Go minic dhéantaí iad seo go garbh, i gcomparáid le healaín fhoirmiúil bhallaí agus dhealbhóireacht an teampaill.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions