Scipeáil chuig ábhar

Fear Chaiseal - an Corpán Portaigh is Sine in Éirinn.

Grúpa ón Músaem le 'Fear Chaiseal' - corpán ársa a fuarthas i bportach i gCo Laoise

Tráthnóna Dé Céadaoine ar an 10ú Lúnasa 2011, tháinig Jason Phelan, oibrí de chuid Bhord na Móna ar chorpán portaigh nuair a bhí sé ag oibriú meaisín mhuilleála i bportach Chaiseal, Co. Laoise.

Rinne foireann seandálaithe agus caomhnóirí ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, cuidithe le Bord na Móna, an fhionnachtain a fhiosrú thar tréimhse ceithre lá.

Bhí an corpán i lár an phortaigh, agus bhí dhá mhéadar móna ar a laghad bainte ón láthair. Bhí an corpán nocht ina luí ar thaobh na láimhe deise agus bhí na cosa lúbtha go teann. An treoshuíomh ba ea Thuaidh Theas agus bhí an ceann ó dheas. Bhain an meaisín muilleála an ceann, an muineál agus an ghéag láimhe chlé ach rinneadh roinnt iarsmaí a athaimsiú ón móin mhuilleáilte agus ina measc bhí codanna de na mandabail agus na fiacla, na heasnacha, an dealrachán, veirtearbra, craiceann agus gruaig

Míniú á thabhairt ar Fhear Chaiseal

Is cosúil gur cuireadh an corp ar dhromchla an phortaigh, agus gur mharcáil dhá shlat coill an áit inar cuireadh é. Is fear óg atá sna hiarsmaí agus leis na gonta a nótáiltear ar an gcorp tugtar le tuiscint go bhfuiltear ag déileáil le híospartach d'íobairt daonna. I measc na ngonta a nótáiltear tá gearradh fada ag bun an droma agus géag láimhe bhriste. Bhí an iomarca damáiste déanta ag an meaisín muilleála ar áiteanna sa chorp a mbeifí ag díriú orthu chun gortuithe marfacha a fhágáil orthu ar nós an ceann, muineál agus cliabhrach, chun cúis an bháis a dhearbhú. Tá athbhreithniú déanta anois ar thuarascálacha níos luaithe bunaithe ar an scrúdú a rinne an paiteolaí ar dtús, a thug le tuiscint go raibh gonta tua ar an droim agus dromlach briste. Ceaptar anois go léiríonn siad seo damáiste a rinne an meaisín muilleála agus comhbhrú nádúrtha sa phortach.

Cén aois atá ag an gcorp?

Tugann ceann de na slata coill dáta radacarbóin de 3605±30 BP 95.4: (2 sigma) cal BC2033- 1888 cé go raibh an corp é féin 3678±31 BP 95.4: (2 sigma) cal BC 2141-1960. Léiríonn sé seo gur mhair Fear Chaiseal agus go bhfuair sé bás sa Chré-umhaois Luath timpeall 2000R.Ch. Rinneadh an toradh iontach seo a dhearbhú nuair a sholáthair dátú radacarbóin na móna ar a raibh an corp ina luí dáta de thart ar 2000R.Ch. Cé gur aimsíodh iarsmaí de chnámharlaigh dhaonna atá i bhfad níos sine i bportaigh, ar nós cnámharlach atá 5000 bliana d'aois as Portach an Oileáin Chlochaigh, Co. na Gaillimhe, is é corpán Fhear Chaiseal an corpán portaigh is sine a bhfuil feoil air a aimsíodh in aon áit. Go dtí seo, an t-aimsiú ba shine ó thaobh dáta de de chorpán portaigh ar a bhfuil feoil ba ea Fear Dhoire Caiseal, Co. Ros Comáin a théann siar go dtí timpeall 1431–1291 R.Ch., le linn Lár na Cré-umhaoise.

Cé chomh forleathan is a bhí íobairt daonna sa Chré-umhaois?

In Éirinn, bhí sé aitheanta roimhe seo gur tharla marú deasghnátha d'fhir óga le linn na hIarannaoise luaithe agus nuair a aimsíodh íospartach den Chré-umhaois Luath, a maraíodh, is cosúil, leis an deasghnáth céanna, téann an cleachtas siar ó thaobh dáta de míle bliain go leith eile ar a laghad. An áit inar cuireadh corpán Fhear Chaiseal ná i bportach a theorainn dúiche (Fearann Ua Leathlobhair) atá le feiceáil ó Chnoc Chros Dubh agus ina bhfuil Cnoc Chros DubhHill (Cros Dubh)an áit dhóchúil inar oirníodh ríthe réigiúnacha Laoise (Laoighis).Tá an áit seo mórán mar an gcéanna leis an áit inar aimsíodh Fear Chruacháin, corpán portaigh den Iarannaois, i bportach ar theorainn dúiche Thuath Cruachan, le feiceáil ó Chnoc Chruacháin agus ina bhfuil Cnoc Chruacháin, an áit inar oirníodh ríthe Uíbh Fhailí (Uí Failge). Is cosúil gur cuireadh corpáin phortaigh eile den Iarannaois cóngarach do theorainneacha tábhachtacha. Nótáiltear freisin go raibh claonadh mór ann taiscí móideacha de réada ar nós trealamh d'fhéastaí, airm, regalia agus feistis, agus réada a bhaineann le mórshiúl capall, a aimsiú in áiteanna ina bhfuil teorainneacha. Leis seo tháinig an teoiric chun cinn go raibh baint ag na taiscí móideacha seo agus na corpáin phortaigh den Iarannaois le deasghnátha ríogachta agus flaithiúnais. Le corpán portaigh Chaiseal tuigtear gur deasghnáth ríogachta a bhí ann a théann siar chomh fada leis an gCré-umhaois Luath ar a laghad. Toisc gur mhair an traidisiún seo ó thaobh cuid mhór dá bhuntréithe go dtí gur scriosadh modh maireachtála na nGael ag deireadh na Meánaoiseanna, tugtar le tuiscint leis seo gur thraidisiún ríogachta leanúnach den choimeádachas urghnách agus den tseaniarsma iontach a bhí ann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions