Scipeáil chuig ábhar

Iar-Mheánaois

Tá réimse leathan d’fhionnachtana tochailte Iar-Mheánaoiseacha curtha leis an mbailiúchán le blianta beaga anuas, fionnachtana a fuarthas i dtochailtí seandálaíochta uirbeacha go háirithe.

Tá potaireacht agus soithí agus gabhdáin ghloine ann; boinn airgid, comharthaí agus réada miotail cosúil le huirlisí; nithe pearsanta cosúil le píopaí cré agus trilseacháin peiriúice; agus ábhar tí cosúil le sceana, spúnóga agus uirlisí cistine eile.

I measc na n-arm tá claimhte, miodóga, beaignití, cinn pící agus arm tine, ó chomhthéacsanna tochailte nó fo-uisce den chuid is mó. I measc na bhfionnachtan mara tá ancairí, gunnaí móra, agus réimse d'ábhar ó longa báite, lena n-áirítear scúp púdair, coinnleoir, barrghréasa agus gléasadh maisitheach, seastán muscaeid, potaireacht, soithigh miotail agus criosanna. Tá cuid den chlúdach miotail maisithe ó bhogha an Lusitania sa bhailiúchán freisin.

I measc na nithe míleata tá liathróidí muscaeide, liathróidí gunna, buamaí moirtéir, cnaipí, suaitheantais capa, criosanna agus suaitheantais. Bhain cuid de na nithe seo le campaí agus beairicí míleata, ach tá ábhar tábhachtach ann freisin a bhaineann le láithreacha catha an chogaidh Liamach cosúil leis an mBaile Mór, Eachroim, an Bhóinn agus Áth Luain.

Tá roinnt éide, bróga agus hataí ó phortaigh ann freisin. I measc na samplaí tá cóta, clóca, brístí agus bróga fir ó Chill Oirridh, Co. Shligigh agus éadach mná ó Shuí an Róin, Co. Uíbh Fhailí. B'fhéidir gur ón tréimhse Iar-Mheánaoiseach a thagann snoiteán adhmaid d'fhear ag caitheamh hata ard cónúil a fuarthas i bportach i Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe.

I measc na réada cloiche snoite tá umar uisce choiscrithe, bloghanna tuamaí agus clocha le toirbhirtí comórtha orthu, chomh maith le brónna.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions