Scipeáil chuig ábhar

Mionsonraí Réamhstaire

Mell Flint Flake

I rith na tréimhse Pailéilití (an tSeanchlochaois), bhí cuid mhaith d’Éirinn faoi oighearchlúideach

Níl aon fhianaise shoiléir tagtha chun cinn go fóill a léiríonn go raibh daoine in Éirinn i rith na tréimhse Pailéilití (an tSeanchlochaois), tráth ina raibh cuid mhaith d’Éirinn faoi oighearchlúideacha. Ó thart ar an mbliain 12,000 RCh., leáigh na hoighearchlúideacha agus d’fhás coillearnacha, a sholáthair gnáthóg don fhiadhúlra a d’imirc go hÉirinn thar na droichid talún ón mBreatain agus ó mhór-roinn na hEorpa. Faoi thart ar 7,000 RCh., bhí lonnaitheoirí luatha na hÉireann ag fiach ainmhithe, go háirithe na muca fiáine, ag bailiú plandaí fiáine agus sliogiasc, agus ag iascaireacht i lochanna, in aibhneacha agus san fharraige.

Thug tochailtí sna lonnaíochtaí ba luaithe in Éirinn chun solais lanna beaga agus pointí breochloiche agus seirte, ar a dtugtar micrilití, a bhíodh in úsáid in uirlisí ilchodacha de chruth harpúin. Baineadh úsáid as scríobairí agus tuanna cloiche chomh maith.

Bhí an fheirmeoireacht bunaithe ar eallaigh chlóis, caoirigh agus gabhair a onnmhairíodh isteach agus ar arbhar cosúil le cruithneacht agus eorna. Baineadh úsáid as corráin le lann bhreochloiche chun an t-arbhar a bhaint agus meilleadh ina dhiaidh sin é ina phlúr ar bhrónna diallaite. Chónaigh na feirmeoirí i dtithe adhmaid dronuilleogacha, agus ar na nithe a bhíodh sa teach bhí babhlaí potaireachta a d’úsáidtí le haghaidh stórála agus cócaireachta, agus cinn shleá bhreochloiche, reanna saighde, lanna, sceanra agus scríobairí a d’úsáidtí le haghaidh réimse oibre. Tá a fhios againn go raibh monarchana ann chun tuanna cloiche a chairéalú agus a dhéanamh. D’fhéadfadh go raibh feidhmeanna deasghnácha ag roinnt tuanna, agus táimid cinnte nach mór go raibh tábhacht ar leith ag baint leo ó chaitheadh daoine iad mar bhriochtaí agus chuirtí iad in éineacht leis an gcorpán in adhlacthaí.

D’úsáidtí tuamaí meigiliteacha (clocha móra) cosúil le tuamaí ursanacha, tuamaí cúirte agus tuamaí pasáiste le haghaidh adhlacadh comhchoiteann. Tá tuama pasáiste atógtha ar taispeáint ina bhfuil clocha maisithe ó roinnt tuamaí atá scriosta. Ní fios a thuilleadh cén bhrí chruinn a bhí leis na móitífeanna maisiúla ar na clocha seo áfach. Chuirtí criadóireacht, cinn mháis, liathróidí beaga snasta, coirníní, briochtaí agus siogairlíní go deasghnách leis na mairbh mar aon le clocha fallacha agus pionnaí déanta de chnámha a bhféadfadh baint a bheith acu le deasghnátha torthúlachta. I dtreo dheireadh na tréimhse Neoilití (an Chlochaois Nua), thógtaí imfháluithe deasghnácha ciorclacha de chré agus d’adhmad, agus tháinig criadóireacht nua le bun cothrom agus foirm úr den rinn saighde breochloiche ar an saol. Is é an t-árthach slán is sine in Éirinn ná bád lomáin ollmhór ó Phortach Eadargúil, an Lorgain, Co. na Gaillimhe, a cuasaíodh as tamhan darach tuairim is 2500 RCh. Thart ar an am seo is ea a tugadh eolas ar mhiotalóireacht go hÉirinn, mar aon le criadóireacht shainiúil ar a dtugtar Gréithe Eascra, gréithe iad seo a bhfuil fáil orthu ar fud na hEorpa mar iarsmaí de ré luath na miotalóireachta. Tá eolas freisin ar bhabhlaí criadóireachta le cosa ag giobadh amach uathu, agus ar shoithí comhchosúla a snoíodh as adhmad.

Ba iad na réada miotail ba luaithe a táirgeadh in Éirinn ná tuanna comhréidhe de chopair amháin a d’fhéadfaí a theilgean go héasca i múnlaí cloiche a bhí in aon phíosa amháin agus a theannadh le cnagaíl. Níos déanaí tháinig múnlaí cloiche in dhá chuid ina n-ionad sin, a chiallaigh go bhféadfaí uirlisí agus airm níos casta a tháirgeadh. Forbairt eile ná an próiseas ina measctaí copair le stáin chun cré-umha a tháirgeadh. Earraí eile a bhí coitianta ná sceanra, miodóga, corráin, meanaí, cinn sleá, rásúir agus halbaird (lann cosúil le miodóg ceangailte le polla fada adhmaid).

Cuireadh na gaibhne miotail is luaithe i séadchomharthaí meigiliteacha ar a dtugtar tuamaí dingeacha. Thart ar an mbliain 2200 RCh. tosaíodh ar dhaoine a adhlacadh ina n-aonair nó ina mbeirteanna i gclaiseanna simplí nó in uaigheanna línithe le cloch ar a dtugtaí cistí na marbh a bhfaightear braislí díobh ó am go ham i reiligí. Ag teacht le nósanna adhlactha roimhe sin, chréamtaí iarsmaí na marbh, ach i bhforbairt nua, d’adhlactaí chomh maith corpáin nár créamadh, agus iad cromtha síos de ghnáth. Chuirtí potaí le neart maisiúcháin orthu ar a dtugtaí Soithí Bia agus – go fíor-annamh – áirgí pearsanta eile leis na mairbh. De réir a chéile, bhí tóir arís ar chréamadh, agus chuirtí na cnámha dóite isteach i bpótaí móra maisithe ar a dtugtaí síothla, a chuirtí ansin isteach sna huaigheanna. D’úsáidtí saghsanna éagsúla síothla – Vása, Cóirteach, Cábhach agus Tródaithe – agus i gcásanna áirithe, chuirtí soithí bia agus soithí beaga bídeacha ar a dtugtaí Cupáin Túise leo, mar aon le miodóga,coirníní, pionnaí agus tuanna catha deasghnácha.

Ó thart ar 1200 R.Ch., spreag meathlú aeráide agus tosca eile tréimhse d'fhorbairt agus de nuálaíocht. Chréamtaí na mairbh agus uaireanta chuirtí iad i síothlaí gan aon mhaisiúchán, agus d’adhlactaí iad i lár dhíoganna beaga fáinneacha. Mhonaraigh gaibhne miotail cinn sleá, ráipéir, tuanna den chineál ar a dtugtaí pálstaif agus réimse uirlisí níos lú. Tar éis na bliana 900 RCh., tugtar le fios go raibh tréimhse foréigin agus éiginnteachta ann ón méid airm a táirgeadh, go háirithe claimhte, agus na taiscí a leagadh síos. Táirgeadh airm agus uirlisí eile lena n-áirítear sciatha, coirí, sleánna, agus tuanna chomh maith le siséil, gáinní, ruagairí, pionsúiríní, corráin agus sceanra. Theilgtí trumpaí cré-umha i múnlaí agus tá siad seo ar na huirlisí ceoil is seanda as Éirinn. D’úsáidtí earraí de photaireacht gharbh don chócaireacht, chun rudaí a stóráil agus mar shoithí do chnámha créamtha na marbh.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions