Bean ón Aois Lochlannach luath a cuireadh i bhFionnghlas
Cuireadh an bhean agus gúna ar stíl Lochlannach uirthi. Bhí strapaí an ghúna ceangailte faoi na guaillí le péire dealg ubhchruthach a bhfuil cuma sainiúil Lochlannach orthu. Fuarthas bosca adhmaid ina raibh plátaí déanta as beanna nó cnámh lena taobh. Fuarthas ciar déanta as beann, an rud ab ansa léi, b’fhéidir, in aice láimhe agus is féidir go raibh sé sa bhosca uair amháin. Is féidir gur seoda oidhreachta a bhí sna déantáin seo, a thug an bhean seo go hÉirinn óna baile i gCríoch Lochlann. Ráiteas mór a bheadh ann bean a bheith gléasta ar an tslí seo, le péire dealg ubhchruthach an-mhaisithe, ar a raibh órú, airgead agus cinn ainmhithe le súile gloine. Níorbh fhéidir gan suntas a thabhairt di agus í gléasta mar sin.
Tá léargas tábhachtach le fáil ó na huaigheanna Lochlannacha seo ar cuireadh déantáin iontu ar an méid a bhí ar siúl ag na Lochlannaigh in Éirinn sa naoú agus go luath sa deichiú haois, AD. Ní hionann iad agus an traidisiún adhlactha Críostaí a bhí againn in Éirinn; níor nós le hÉireannaigh déantáin a chur sna huaigheanna.
Is annamh a fhaightear uaigheanna de mhná Lochlannacha in Éirinn, agus déantáin iontu; sular thángthas ar an uaigh i bhFionnghlas, ba i mBaile Hóm, Co. an Dúin i 1902 a fuarthas an ceann deiridh.
Bhí ceann de na dealga briste, de bharr gur cuireadh isteach ar an láthair, sna cúpla céad bliain deireanacha, is dócha.