AN CHRÉ-UMHAOIS DHÉANACH 1600 – 1050 R.C.H
Ba iad leapacha cupair an oileáin an fhoinse ba mhó saibhris agus i ngeall ar an éileamh ollmhór ar chupar cuireadh teagmhálacha ar bun le tíortha i bhfad i gcéin. Bhí potaireacht na Cipire flúirseach san Éigipt agus sa Leiveaint um an dtaca seo. Ní foláir nó gur allmhuiríodh soithigh Mhicéanacha le haghaidh na n-olaí nó na n-ungthaí a bhí iontu, agus is comhartha é iad a bheith ar fáil sa Chipir go raibh dianteagmháil tráchtála idir an Chipir agus an Aeigéach.
Bhí ceirmeacht bhreá á déanamh ag potairí na Cipire i gcónaí gan dul i muinín an rotha potaire. Is é is dóichí ná gurb iad na babhlaí agus tancaird de bhrat críche bán na gréithe boird ba bhreátha san am sin.
D’fhéadfadh sé go mbíodh substaintí liachta nó mearúigíneacha i roinnt soitheach a onnmhairíodh. D’fhéadfadh sé freisin go raibh baint idir úsáid nathracha nimhe mar mhóitífeanna maisiúla ar mhórchuid de na soithigh seo lena raibh istigh iontu, mar siombailí den tsláinte ab ea nathracha go traidisiúnta.