Scipeáil chuig ábhar

Tionscadail Taighde

CoBD – Bitheolaíocht Bunaithe ar Bhailiúcháin i mBaile Átha Cliath (Collections-Based Biology in Dublin)

Comhar a bhí anseo le foireann na Scoile Bitheolaíochta agus Eolaíochta Comhshaoil in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Chuir an músaem agus foireann na hollscoile cúrsa ar fáil do scoláirí na bliana deireanaí a bhfuil taighde agus coimeád i músaem mar chuid de. Mar chuid den tionscadal rinneadh catalógú a dhéanamh ar 40,000 eiseamal inár mbailiúcháin agus feabhas a chur ar rochtain ar ár mbailiúcháin do thaighdeoirí. Bhuaigh an cúrsa coláiste agus ár gcuid oibre le hoideachas aosach an duais don Tionscnamh Rochtana agus For-rochtana is Fearr i nDámhachtainí Músaem na Bliana 2004..

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin CoBiD

Táimid ag comhoibriú le foireann Mhúsaem Uladh agus roinnt páirtithe eile ar an tionscadal seo. Tá sé d’aidhm againn seicliostaí ar líne a sholáthar d’fhána inveirteabrach na hÉireann. Déanann na liostaí seo achoimriú ar na speicis d’fheithidí, dhamháin alla, dhrúchtíní agus ainmhithe beaga eile a dhéanann suas formhór ár bhfána ar an oileán seo.

Tabahir cuairt ar Invertebrate Ireland Online

Athdheisiú Seitheadóíreachta

Ó 2003 i leith tá an fhoireann ag obair le comhlacht seitheadóíreachta chun taispeántáin a athdheisiú i Músaem Stair an Dúlra.

Féach ar shaothar Bouten & Zoon ar a suíomh gréasáin

Banc Fíochán Géiniteach Céiticeach na hÉireann

Tá samplaí á dtógáil ó mhíolta móra agus ó dheilfeanna a bhíonn tréigthe ar ár gcladaí chun DNA a bhailiú. Cabhraíonn sé seo linn tuiscint a fháil ar dhaonra céiticeach ár n-uiscí. Déantar an obair i gcomhpháirtíocht leis an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna. 

Tabhair cuairt ar Bhanc Fíochán Géiniteach Céiticeach na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions