An Cláraitheoir: Judith Finlay
Sos Gairme ó Dheireadh Fómhair 2021 - an t-am i láthair
Cláraitheoir(Gníomhach): Emer Ní Cheallaigh
Ról agus Réimsí Saineolais: Is Cláraitheoir (Gníomhach) í Emer, Ceann na Rannóige Clárúcháin. Is ball í d’Fhoireann Bhainistíochta Ard-Mhúsaem na hÉireann (NMI) agus tá sí freagrach as an Rannóg Clárúcháin a bhainistiú lena n-áirítear Doiciméadú, Cartlanna, an Leabharlann, Iasachtaí, Lóistíocht Bailiúchán, bainistíocht stórais, an tIonad Acmhainní Bailiúchán, chomh maith le riarachán agus forbairt bhunachar sonraí bainistíochta bailiúchán agus tionscadal digitithe agus tionscadal ar líne gaolmhar de chuid an Mhúsaeim. Tá Emer i gceannas ar Iasachtaí, ar Chaighdeáin agus ar Ghrúpaí Stórála Straitéisí NMI agus tacaíonn sí le Stiúrthóir Oibríochtaí agus le Stiúrthóir Bailiúchán agus Rochtana NMI maidir le clár oibreacha caipitiúla NMI.
Leas-Chláraitheoir / Bainisteoir an Ionaid Acmhainní Bailiúchán (Gníomhach): Sylviane Vaucheret
Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Sylviane freagrach as forbairt agus bainistíocht an Ionaid Acmhainní Bailiúchán, ina bhfuil cuid mhór de na bailiúcháin taighde atá faoi chúram NMI. Cuidíonn sí freisin leis an gCláraitheoir le reáchtáil na Rannóige Clárúcháin.
Cúntóir Bailiúchán / Oifigeach um Chosaint ar Radaíocht: Ryan Koenig
Ról agus Réimsí Saineolais: Baineann ról Ryan le cuidiú le bainistíocht agus le cúram ar bhonn laethúil maidir le bailiúcháin an mhúsaeim agus faisnéis faoi na bailiúcháin; cuidiú le saoráidí stórála na mbailiúchán a reáchtáil atá faoi bhainistíocht ag an Rannóg Clárúcháin; agus chun seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil do thaighdeoirí agus don fhoireann. Cuid nach beag de ról Ryan is ea feidhmiú mar Oifigeach um Chosaint ar Radaíocht (OCR) chun bainistíocht réad radaighníomhach i mbailiúcháin NMI a chomhordú.
Bainisteoir an Tionscadail Aistrithe Bailiúchán: Eimear Ashe
Ról agus Réimsí Saineolais: Baineann ról Eimear le bainistíocht tionscadail a sholáthar do NMI maidir le baint anuas bailiúchán agus aistriú réad a bhaineann le clár forbartha caipitil NMI agus le tionscadail speisialta ar leith freisin. Tá Eimear freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas: pleanáil, cláreagrú, buiséadú agus soláthar acmhainní, rialuithe tionscadal, sceidealú, comhordú, bainistíocht riosca agus maoirseacht ar réimse tionscadal a bhaineann le clár forbartha caipitil NMI.
Cúntóir Bailiúchán: Hannah Preston
Ról agus Réimsí Saineolais: Agus í ag díriú ar thionscadal Forbartha Caipitil Stair an Dúlra, tacaíonn Hannah leis an mBainisteoir Tionscadail chun aistriú bailiúchán a phleanáil agus a chur i gcrích, láithreacha na réad a dhoiciméadú, agus sonraí agus íomhánna tionscadal a bhainistiú.
Cúntóir Bailiúchán: Tim Heaune
Ról agus Réimsí Saineolais: Agus í ag díriú ar thionscadal Forbartha Caipitil Stair an Dúlra, tacaíonn Tim leis an mBainisteoir Tionscadail chun aistriú bailiúchán a phleanáil agus a chur i gcrích, láithreacha na réad a dhoiciméadú, agus sonraí agus íomhánna tionscadal a bhainistiú.
Riarthóir an Chórais Bainistíochta Bailiúchán / Ceannasaí na Foirne Doiciméadaithe: Catherine Sheridan
Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Catherine i gceannas ar an bhFoireann Doiciméadaithe agus bainistíonn sí forbairt agus cur i bhfeidhm na mbeartas agus nósanna imeachta sonraí ar fud na mbailiúchán go léir. Tá sí freagrach as bainistíocht straitéiseach, as forbairt, agus as feabhsú Axiell, córas bainistíochta bailiúchán an Mhúsaeim, agus as bainistíocht córas agus cur i gcrích Bailiúchán ar Líne agus tionscadal sonraí oscailte freisin.
Oifigeach Doiciméadaithe (Ealaín agus Tionsclaíocht): Kate Moriarty
Ról agus Réimsí Saineolais: Is é an ról atá ag Kate ná chun maoirseacht a dhéanamh ar chúram agus ar bhainistíocht na mBailiúchán Ealaíne agus Tionsclaíochta, lena n-áirítear maoirseacht ar aistriú iomlán réad, iasachtaí a eagrú agus na bunachair sonraí a fhorbairt a úsáidtear chun na bailiúcháin Ealaíne agus Tionsclaíochta a chatalógú.
Oifigeach Doiciméadaithe(Saol na Tuaithe): Joanne Hamilton
Ról agus Réimsí Saineolais: Baineann ról Joanne le maoirseacht a dhéanamh ar chúram agus ar bhainistíocht Bhailiúchán Shaol na Tuaithe in Éirinn. Cuimsítear le réimsí spéise Joanne bainistíocht bunachar sonraí, cúram do bhailiúcháin trí chaomhantas coisctheach agus rochtain ar bhailiúcháin.
Oifigeach Doiciméadaithe (Seaniarsmaí na hÉireann): Faith Nolan
Ról agus Réimsí Saineolais: Is é an ról atá ag Faith ná maoirseacht a dhéanamh ar chúram agus ar bhainistíocht bhailiúcháin Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann, lena n-áirítear maoirseacht ar aistriú iomlán réad, iasachtaí a eagrú agus na bunachair sonraí a fhorbairt a úsáidtear chun bailiúcháin Sheaniarsmaí na hÉireann a chatalógú. Tá Faith ina heagarthóir freisin ar Registration Corner.
Oifigeach Doiciméadaithe (Stair an Dúlra): Aodhán Ó Gogáin
Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Aodhán freagrach as Bailiúchán Stair an Dúlra a dhoiciméadú agus a bhainistiú, lena n-áirítear an bunachar sonraí a eagrú agus a bhainistiú, faisnéis suímh a nuashonrú, iasachtaí a eagrú agus cúram an bhailiúcháin.
Cúntóir Bailiúchán: Emma Crosbie
Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Emma ag obair sa Rannóg Clárúcháin le 20 bliain anuas. D’oibrigh sí ar dhoiciméadú maidir le go leor bailiúchán i gcaitheamh na mblianta agus anois tá sí ina ball d’Fhoireann Riaracháin an Chórais Bailiúchán, ag cuidiú le bainistíocht bhunachar sonraí Bhailiúcháin Axiell.
Cartlannaí & Bainisteoir Taifead: Christina Tse
Ról agus Réimsí Saineolais: Tá Christina freagrach as cúram agus as cothabháil na dtaifead stairiúil agus reatha atá i seilbh an Mhúsaeim. Baineann a ról leis an gCartlann a chaomhnú agus le rochtain a chur ar fáil uirthi ar mhaithe le riachtanais éagsúla taighde. San áireamh le réimsí spéise Christina tá bainistíocht cartlainne agus taifead, digitiú, taighde agus taifid a chatalógú do spriocphobail níos leithne agus stair an mhúsaeim a shaibhriú trína chartlann.
Leabharlannaí: Connie Bettison
Ról agus Réimsí Saineolais: Bainistíonn Connie seirbhísí agus bailiúcháin na leabharlainne ag na músaeim. Is éard atá i gceist leis sin ná bailiúcháin dhigiteacha agus chlóite a bhainistiú lena n-áirítear leabhair uathúla. San áireamh le réimsí spéise Connie tá catalógú agus bainistíocht bailiúchán, bailiúcháin speisialta, rochtain oscailte agus inrochtaineacht a mhéadú maidir le bailiúcháin agus seirbhísí leabharlainne.