Scipeáil chuig ábhar

An Obair a dhéanann an Rannóg Clárúcháin

Ionad Acmhainní na mBailiúchán

Is saoráid é Ionad Acmhainní na mBailiúchán atá ar léas ag Oifig na nOibreacha Poiblí, agus is ann atá Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta lonnaithe. Tá an Cláraitheoir freagrach as bainistíocht agus feidhmiú straitéiseach an Ionaid sin agus na mbailiúchán uile atá ann ó lá go lá. Is ann atá cuid mhór de thaisce bailiúchán an Mhúsaeim. Bíonn an tsaoráid ar oscailt do thaighdeoirí ach coinne a bheith déanta acu.

Bainistiú an Doiciméadúcháin agus na mBailiúchán

Tá an Rannóg Clárúcháin freagrach as cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar Chóras Bainistíochta na mBailiúchán. Is é an bunachar sonraí an áit lárnach ina gcoinnítear na bailiúcháin agus an fhaisnéis bhainistíochta ina dtaobh. Feidhmíonn sé mar uirlis taighde, agus is cúnamh é ó thaobh bainistiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a ghabhann leis na bailiúcháin agus ó thaobh slándáil na mbailiúchán agus iniúchtaí orthu. Bíonn an fhoireann doiciméadúcháin ag obair leis an mbailiúchán féin agus leis na bunachair shonraí araon chun na sonraí sin a chur ar fáil in áit lárnach ar shlí a chomhlíonann caighdeáin SPECTRUM, córas bainistíochta bailiúchán. Is é sin an obair laethúil leanúnach a dhéanann an fhoireann doiciméadúcháin, ach déantar an obair a chur chun cinn freisin trí thionscadail éagsúla, amhail an Tionscadal Fardail agus an Plean Doiciméadúcháin.

Riar na nIasachtaí agus Obair Lóistíochta

I gcás réada a fhaigheann an Músaem ar iasacht nó a thugann sé féin ar iasacht, déantar riar na n-iasachtaí a lárú tríd an Rannóg Clárúcháin. Déanann duine den Fhoireann Doiciméadúcháin comhordú ar an iasacht agus bainistíonn sé nó sí an próiseas agus an obair lóistíochta a ghabhann leis. Is chun cuspóirí taispeántais agus taighde a fhaigheann an Músaem réada ar iasacht den chuid is mó, nó a thugann sé réada ar iasacht, agus is é atá ina oifig taifead i gcomhair chomhaid oifigiúla na n-iasachtaí.

Obair Lóistíochta i leith na mBailiúchán

Tá an Cláraitheoir freagrach as gluaiseacht bhailiúcháin uile an Mhúsaeim agus déanann sí an obair sin a bhainistiú in éineacht leis an bhFoireann Doiciméadúcháin, Foireann na Leabharlainne, Foireann na Cartlainne agus Foireann na dTaifead. Cuimsítear san obair sin rialú suímh, agus iompar, pacáil agus stóráil gach bailiúcháin de chuid an mhúsaeim, agus is iondúil a thugtar fúithi le tacaíocht ó Choimeádaithe, Caomhnóirí agus speisialtóirí seachtracha.

Caighdeáin agus Téarmaíocht

Déanann an Cláraitheoir comhordú agus bainistiú ar na caighdeáin agus na liostaí téarmaíochta a bhaineann le catalógú bhailiúcháin an Mhúsaeim. Tá na caighdeáin sin bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta catalógaithe ábhartha lena n-áirítear SPECTRUM; ISAD (G); IGAD; MAARC, agus ar chaighdeáin stórála amhail EN16893.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions