Scipeáil chuig ábhar

Seirbhísí Taighde Ealaíne & Tionscail

Faigh amach faoin réimse seirbhísí taighde atá á gcur ar fáil ag Rannóg Ealaíne & Tionscail an Mhúsaeim.

Rialacha Iontrála

Iarrtar ar iarrthóirí fógra réasúnta a thabhairt chun áiseanna taighde na rannóige Ealaíne & Tionscail a úsáid. Caithfear iarratais a dhéanamh i scríbhinn ar an bhfoirm oifigiúil agus iad a sheoladh chuig An Coimeádaí, an Rannóg Ealaíne & Tionscail, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7.

Ba chóir coinní a eagrú leis an gCoimeádaí ábhartha. Sannfar bloc ama do thaighdeoirí inar féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh. Ba chóir iarratais ar am breise a dhéanamh tríd an gCoimeádaí.

Is iad na huaireanta freastail ná: Luan - Aoine 10:00 – 12:30 agus 14:00 – 16.45.

Gheobhaidh taighdeoirí rochtain ar an limistéar taighde, “maidin agus tráthnóna” tríd an gCoimeádaí, ar chóir dóibh dul i dteagmháil leis/léi tríd an mball foirne a bheidh ar dualgas san ionad fáiltithe.

Ní mór do thaighdeoirí leabhar tinrimh a shíniú gach lá.

An Chartlann Páipéir

Is éard atá i gcartlann páipéir na rannóige ná:

  1. Lámhscríbhinní agus cláir chlóscríofa de shaothair faighte. Caithfear na cláir a chur ar ais ina suíomh ag deireadh gach seisiún maidine agus tráthnóna.
  2. Taifid lámhscríbhinne eile i leabhair chomhfhreagrais agus i gcomhaid chartlainne na rannóige. Nuair atá cartlanna lámhscríbhinní/páipéir á n-úsáid, ní féidir ach peann luaidhe a úsáid agus níl sé ceadaithe rianú a dhéanamh ná ceamaraí ná gléasanna cóipeála a úsáid. Caithfear a bheith an-chúramach le Cláir Lámhscríbhinní.
  3. Doiciméadú ríomhairithe ar na bailiúcháin.
  4. Tá Innéacs Cártaí ar shaothair faighte, cheirdeanna srl. ar fáil.
  5. Innéacs Fótagrafach ar mhórán de na réada sna bailiúcháin. Ba chóir iarratais ar ghrianghraif a phróiseáil trí Roinn Riaracháin an Mhúsaeim.

Ní dhéanann ná ní fhaigheann taighdeoirí seachtracha glaonna teileafóin de ghnáth ach amháin i gcásanna práinneacha.

Faigh amach tuilleadh faoi na seirbhísí taighde atá ar fáil tríd an Leabharlann.

Réada a Scrúdú

Bheifí ag súil go mbeadh cuardach irise déanta ag taighdeoirí maidir leis na déantáin a bhaineann lena réimse taighde agus bheifí ag súil go gcuirfeadh siad a gcuid liostaí féin le chéile de réada sa Mhúsaem ón ábhar doiciméadaithe. Ní mór uimhreacha suímh a bheith ag gabháil le liostaí de na réada atá le fáil ó stórtha na rannóige.

Caithfear a bheith an-chúramach leis na réada agus ní mór treoracha na foirne ina leith a leanúint. Tá cosc ar theimpléid miotail a úsáid nó ar réada a mharcáil ar aon bhealach (peann luaidhe, téip chumhdaigh, blu-tac srl.).

Ní mór aire a thabhairt agus na réada a chur ar ais ina mboscaí stórála cearta agus gan aon lipéid a bhaint ná damáiste a dhéanamh dóibh.

Níl cead fáil isteach sna stórais de ghnáth ach i gcásanna áirithe b'fhéidir go dtabharfaí cead.

Ní mór do thaighdeoirí atá ag cur déantán le chéile le haghaidh tráchtais an rannóg Ealaíne & Tionscail le cóip den chuid catalóige den tráchtas sa chaoi is go mbaineann sé leis an ábhar atá in Ard-Mhúsaem na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions