Scipeáil chuig ábhar

An Dlí maidir le Brathadóireacht Miotail in Éirinn

Achoimre ar na hEochairphointí

  • Déanann úsáid neamhrialaithe agus mhíchuí maidir le gairis bhraite damáiste tromchúiseach d’oidhreacht seandálaíochta na hÉireann agus gearrfar pionóis ghéara i gcásanna mar seo faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

  • Tá sé mídhleathach

    • gairis bhraithe bheith i do sheilbh i séadchomharthaí agus ar láithreáin atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta

    • úsáid a bhaint as gaireas braite ar thóir réada seandálaíochta áit ar bith laistigh den Stát nó a fharraigí teorann; gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

  • Sainmhínítear réada seandálaíochta go leathan in Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta agus b’fhéidir go mbainfeadh réada dá samhail leis an sainmhíniú beag beann ar a n-aois nó ar a ársa agus atá siad, e.g. ábhar de chuid an 20ú haois

  • Tá sé mídhleathach díol nó úsáid gaireas braite a chur chun cinn d’fhonn réada seandálaíochta a chuardach

  • Tá sé mídhleathach réada seandálaíochta a thochailt, nó tumadóireacht a dhéanamh ar raic chosanta, áit ar bith sa Stát nó ina fharraigí teorann, gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón Aire

  • Ní mór d’aon duine a aimsíonn réad seandálaíochta é a thuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nó do mhúsaem áitiúil ainmnithe laistigh de 96 uair an chloig

  • Ní ceadmhach ach don Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta toiliú a cheadú chun gaireas braite a úsáid chun críocha seandálaíochta – ní hionann ballraíocht in aon eagraíocht nó comhlacht nó foinsiú gaireas ó sholáthraí áirithe agus comhlíonadh an dlí

Réamhrá

Sáraíonn úsáid neamhúdaraithe gaireas braite chun réada seandálaíochta a chuardach an dlí in Éirinn, mar atá leagtha amach in Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014.
Tá úsáid dá samhail faoi réir pionóis throm, lena n-áirítear príosúnacht agus/nó fíneálacha. Comhlíonann catagóirí na réada is minice a aimsíonn brathadóirí miotail in Éirinn, amhail boinn, comharthaí, cnaipí, fáiscíní éadaí, méaracáin, eochracha, séalaí, meáchain, cinn strapa agus feistí creasa go léir an sainmhíniú a bhaineann le ‘réada seandálaíochta’ nach féidir iad a chuardach ach le ceadúnas ón Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar sin is inmholta gan dul i mbun aon chuardach ginearálta i gcomhair réada caillte nó faoi thalamh óir má dhéanann tú amhlaidh is baolach go dtabharfar os comhair cúirte thú agus féadann tú an oidhreacht seandálaíochta a chur i mbaol freisin.

 

Conas is féidir le brathadóireacht miotail damáiste a dhéanamh do láithreáin seandálaíochta agus réada?

Déanann úsáid neamhrialaithe agus mhíchuí maidir le gairis bhraite damáiste tromchúiseach d’oidhreacht seandálaíochta na hÉireann. D’fhéadfadh aisghabháil gan mhaoirsiú ar réada seandálaíochta i measc úsáideoirí brathadóirí miotail neamhoilte agus neamhcheadúnaithe aon eolas nó luach taighde a laghdú go mór nó deireadh ar fad a chur lena leithéid, rud a d’fhéadfaí a shealbhú ó aimsiú faoi leith.
Ní mór réada seandálaíochta a thochailt ar bhealach struchtúrtha eolaíoch, agus taifead cúramach i bhfeidhm ar an mbaint atá acu le réada, struchtúir, gnéithe agus sraitheanna ithreach. Tá caillteanas eolais nach féidir a fháil ar ais ar an am atá thart i gceist mura ndéantar taifead cúramach ar an gcomhthéacs ónár baineadh réad.
Ní féidir le cuardaigh randamacha le brathadóirí miotail cinntiú an bhfuil an t-aimsiú tábhachtach ó thaobh na seandálaíochta de nó an réada iad a caitheadh amach le deireanas. Is é an toradh atá air i gceachtar cás ná go gcuirfear isteach go mór ar an ithir nó ar an láithreán agus is baolach go scriosfar aon fhianaise agus réada neamh-mhiotalacha.

 

Cén dlí atá ann maidir le brathadóireacht miotail?

Chun damáiste dár n-oidhreacht seandálaíochta a sheachaint trí úsáid neamhúdaraithe na mbrathadóirí miotail, déanann Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014 rialú ar bhrathadóirí miotail chun críocha seandálaíochta ar fud an Stáit agus a fharraigí teorann.
Mura gcuireann tú iarratas foirmiúil faoi bhráid an nó mura bhfaigheann tú toiliú ón Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, tá sé mídhleathach:

 

  • gaireas braite bheith i do sheilbh agat i, nó ar, láithreán cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta. Lena n-áirítear:– 

    • séadchomhartha faoi réir Ordú Buanchoimeádta

    • séadchomhartha faoi úinéireacht nó faoi choimirce an Aire nó údarás áitiúil

    • séadchomhartha atá cláraithe i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla

    • séadchomhartha atá cláraithe i gClár na Séadchomharthaí agus Áiteanna

    • an ceantar in aice le raic faoi réir ordú oidhreachta fomhuirí

 

  •  gaireas braite a úsáid chun réada seandálaíochta a chuardach áit ar bith laistigh den Stát nó ina fharraigí teorann.

Is é an pionós as cion i ndáil leis an méid thuas ná fíneáil suas le €63,486 agus/nó suas le 3 mhí phríosúnachta.
D’fhéadfadh duine ar bith a úsáideann brathadóir miotail de shárú ar na srianta thuas agus a thochlaíonn, i ndiaidh réad seandálaíochta a aimsiú, chun an réad a aisghabháil gan ceadúnas tochailte bheith ciontach ar chion eile faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.

 

An féidir liom réada seandálaíochta a chuardach gan brathadóir miotail?

Mura bhfuil ceadúnas ón Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agat, is cion é freisin chun tochailt d’fhonn réada seandálaíochta, nó rud ar bith ar díol spéise é ó thaobh na seandálaíochta de, a chuardach cé go mb’fhéidir nach bhfuil tú ag baint úsáid as brathadóir miotail. Is cion é freisin tumadóireacht ar raic atá breis is 100 bliain d’aois, nó atá faoi réir ordú oidhreachta fomhuirí, nó chun cuardach a dhéanamh ar réada seandálaíochta faoin bhfarraige, mura bhfuil toiliú foirmiúil i do sheilbh agat ón Aire.
Is é an pionós as cion i ndáil leis an méid thuas ná fíneáil suas le €126,972 agus/nó suas le 12 mhí phríosúnachta.

 

Cén dlí atá ann maidir le díol nó úsáid brathadóirí miotail a chur chun cinn chun réada seandálaíochta a chuardach?
 

Faoi théarmaí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014 tá s mídhleathach, bíodh sé i bhfoirm fógraíochta nó eile, díol nó úsáid gaireas braite a chur chun cinn d’fhonn réada seandálaíochta a chuardach. Is é an pionós as an gcion seo ná fíneáil suas le €2,500.

 

Cad is “réad seandálaíochta” ann?

Sainmhínítear an téarma ‘réad seandálaíochta’ in Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014 agus tá brí leathan leis i dtaca le cineál agus aois na réad. B’fhéidir go mbainfeadh réada coitianta ó dhátaí cuibheasach deireanach amhail boinn agus giuirléidí míleata, lena n-áirítear ábhar ón 20ú haois, le catagóir an ‘réad seandálaíochta’. B’fhéidir go mbainfeadh réada dá samhail leis an sainmhíniú beag beann ar a n-aois nó ar a ársa agus atá siad. B’fhéidir nár léir é go dtí go dtochlaítear réad gur réad seandálaíochta é. Sa chás sin, bheadh an damáiste déanta cheana féin agus is baolach go mbeadh cion ann.

Cár cheart dom aimsiú réad seandálaíochta a thuairisciú?

Faoi théarmaí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014, tá úinéireacht aon réad seandálaíochta nach fios a úinéir dílsithe don Stát. Ní mór d’aon duine a aimsíonn réad seandálaíochta é a thuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nó do Mhúsaem Contae nó Cathrach Ainmnithe sa cheantar laistigh de 96 uair an chloig. Gearrtar fíneáil suas le €111,100 agus/nó príosúnacht 5 bliana ar dhuine ar bith a gheofar ciontach i gcion faoi na forálacha seo.
 Is riachtanas de chuid na nAchtanna é freisin go dtuairisceoidh duine ar bith a aimsíonn raic atá níos sine ná 100 bliain d’aois ina luí ar an bhfarraige, nó faoi ghrinneall na farraige, nó ar thalamh faoi uisce, an t-aimsiú seo laistigh de 96 uair an chloig don Gharda Síochána nó don Roinn Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

 

Cén chomhairle ghinearálta a thugtar don phobal maidir le húsáid brathadóirí miotail?

Tá sé in aghaidh an dlí dul i mbun cuardaigh ghinearálta ar réada seandálaíochta in Éirinn trí úsáid a bhaint as gaireas braite miotail mura bhfaigheann tú toiliú scríofa ón Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is ar an oibritheoir atá an dualgas cinntiú go n-úsáidtear brathadóir miotail de réir an dlí.
Cé go bhfuil sé mídhleathach brathadóir miotail a úsáid áit ar bith chun réada seandálaíochta a chuardach gan toiliú foirmiúil ón Aire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, is cion é fiú gaireas braite miotail a bheith i do sheilbh agat gan toiliú an Aire ar láithreán aon séadchomhartha nó limistéar seandálaíochta atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta. Baineann sé seo freisin le limistéir atá faoi réir orduithe oidhreachta fomhuirí a dhéantar faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.
 
Tá tuairim is 130,000 séadchomhartha seandálaíochta lonnaithe ar fud an Stáit atá cosanta faoi théarmaí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014. In go leor cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon iarsmaí os cionn talún ar marthain agus b’fhéidir nár léir láithreach go bhfuil láithreán séadchomhartha cosanta in áit faoi leith.
Aithnítear láithreáin de shéadchomharthaí taifeadta ar shuíomh gréasáin Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, www.archaeology.ie.

 

Cé atá freagrach as toilithe agus ceadúnais a bhronnadh faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta?

Níl ach an tAire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta údaraithe le toiliú a thabhairt chun brathadóir miotail a úsáid chun críocha seandálaíochta laistigh den Stát agus chun tochailtí seandálaíochta a cheadúnú. Níl údarú nó ceadúnú dlíthiúil de chineál ar bith eile chun réada seandálaíochta a aimsiú. Ní thugtar toilithe agus ceadúnais bhraite ach do dhaoine aonair ainmnithe i gcomhair láithreáin ar leith. Ní eisítear ceadúnais i dteannta a chéile nó trí idirghabhálaí riamh.
Níl toiliú Aireachta agat brathadóireacht a dhéanamh nó aon údarú eile chun brathadóir miotail a úsáid chun críocha seandálaíochta mar thoradh ar aon cheann de na cúinsí thíos:
:

  • do bhallraíocht in aon eagraíocht nó comhlacht;

  • do leibhéal oiliúna in úsáid brathadóirí miotail;

  • go n-úsáideann tú cineál/branda faoi leith brathadóra miotail;

  • go n-aimsíonn tú do bhrathadóir miotail ó sholáthraí nó ó fhoinse ar leith.

 

Cad é polasaí an aire i dtaca le toilithe maidir le húsáid brathadóirí miotail?

Tríd is tríd, ní thabharfaidh an tAire Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta toilithe maidir le húsáid agus/nó seilbh brathadóirí miotail ach amháin i gcás seandálaithe a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu nó daoine a bheidh ag obair faoi mhaoirseacht ghairmiúil seandálaíochta ar an láithreán.
Sula n-eisítear toiliú chun brathadóir miotail a úsáid, ní mór don iarratasóir cur in iúl go soiléir go bhfuil úsáid an ghairis faoi réir an chleachtais seandálaíochta is fearr. Déantar é seo ach mionráiteas modha a chur isteach ina leagtar amach an clár oibre beartaithe chun láithreán a mheasúnú agus chun an leibhéal eolais seandálaíochta is airde a shealbhú ón obair a dhéantar.

 

Cad faoi réad seandálaíochta a aimsiú de thaisme?

Ní chuireann an t-eolas ná na forálacha rialála a mhínítear anseo isteach ná amach orthu siúd a d’fhéadfadh réada seandálaíochta a aimsiú de thaisme – mar shampla le linn gníomhaíocht feirme – ar an gcoinníoll go dtuairiscítear an t-aimsiú faoi réir na comhairle i bParagraf 6 thuas. Is é an gnáthchleachtas go n-íoctar luach saothair leo siúd a aimsíonn réada seandálaíochta a aimsítear i gcúinsí dlisteanacha agus a thuairiscíonn an méid sin d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.

 

Cá bhfuil breis eolais ar fáil?

Tá an reachtaíocht a rialaíonn úsáid gaireas braite agus na forálacha a bhaineann le haimsiú agus tuairisciú gaireas seandálaíochta ar fáil ar líne ar: www.irishstatutebook.ie
Le haghaidh breis eolais, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:

  • Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, An Roinn Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Baile Átha Cliath 1; Rphost – nationalmonuments@chg.gov.ie; Teil: 01-8882178

  • An tOifigeach Dualgais, Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2; Rphost – antiquitiesdo@museum.ie; Teil: 01-6777444

 

Níl sa doiciméad seo ach treoir ghinearálta maidir le forálacha Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta i dtaca le gairis bhraite miotail agus ní léiriú dlíthiúil ar na hAchtanna sin é. Tá téacs iomlán Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014, agus reachtaíocht eile a d’fhéadfadh a bheith infheidhmithe, ar fáil ar www.irishstatutebook.ie.

 

Sonraí Teagmhála

Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
An Roinn Cultúir, Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1
Rphost - nationalmonuments@chg.gov.ie
Teil: 01-8882178
www.archaeology.ie
An tOifigeach Dualgais
Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Rphost: antiquitiesdo@museum.ie
Teil: 01-6777444
www.museum.ie


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions